An Chraic

FB

AG COMHRÁ LE…LORNA DUFFY ‘FASHION BOSS’

Is blagálaí í Lorna Duffy, as Baile Átha Cliath. Thosaigh sí a blag, Fashion Boss, i 2014.

 

Cén fáth gur thosaigh tú do bhlag, Fashion Boss?

Chruthaigh mé Fashion Boss ar eitilt abhaile ó Londain níos mó ná bliain ó shin. Áit randamach chun blag a thosú, is dócha! Bhí mé ag obair sa earnáil faisin ar feadh na blianta, agus bhí paisean agam i gcónaí don bhfaisean. Scríobh mé cúpla blag taistil agus blaganna faoi stíl mhaireachtála thar na blianta, ach bhí rud dírithe go hiomlán ar an bhfaisean agus ar mo thaithí san earnáil uaim. Nuair a bhí mé ag obair cúlstáitse ag seó faisin Marchesa le linn Sheachtain na bhFaisean i Londain, lá roimh m’eitilt ar ais go Baile Átha Cliath, bhuail mé le #GirlBoss an fhaisin, Anna Wintour, díreach roimh thús an tseó. Bhí sí i gcónaí mar inspioráid mhór dom, agus is ansin a bheartaigh mé Fashion Boss a thosnú. Shíl mé, toisc go mbím ag na himeachtaí faisin seo agus ag bualadh le daoine inspioráideacha, gur cheart dom scríobh faoin taithí sin.

 

Déan cur síos ar do stíl pearsanta féin?

Athríonn mo stíl pearsanta gach séasúr! Is breá liom simplíocht agus aon rud monacróm.

 

Cé hiad na daoine faiseanta a thugann inspioráid duit?

Tá go leor daoine a spreagann mé amuigh ansin – Emma Watson, Olivia Palermo, Kayla Seah, Gizele Oliveira, leanann an liosta ar aghaidh! Tá stíleanna difriúla acu a dtaitníonn go mór liom.

 

Cad é an píosa éadaigh atá riachtanach?

Mo bhristí dubha leathar le zip ó Zara. Is aoibhinn liom iad!

 

Cad é an comhairle faisin is fearr a fuair tú riamh?

Bí muiníneach sna rudaí a caitheann tú – cosúil le ‘boss’!

 

Inis dúinn do noda faisin is fearr.

Cruthaigh stíl atá pearsanta duit féin. Bain triail as rudaí nua an t-am ar fad. Tá simplíocht níos fearr ná rud ar bith eile. Cuireann seodra go mór le do chulaith. Bí muiníneach – an rud is tábhachtaí.

 

Cad iad na blaganna faisin agus áilleachta is fearr leat?

Lydia Elise Millen, Gal Meets Glam, The Londoner agus Erika ó Retro Flame.

 

Cad iad na brandaí faisin agus smididh is fearr leat?

Na brandaí is fearr liom ná Chanel, Mulberry, Burberry, YSL, Urban Decay agus Chloé. Na brandaí is fearr liom ón mhórshráid ná Topshop, Zara, River Island, French Connection agus All Saints.

 

Cad iad na buaicphointí is mó i do ghairme go dtí seo?

Is ceist dheacair í sin! Chun ainmniúchán a fháil sna Irish Beauty Blog Awards i 2015. Agus ainmniúchán a fháil sna Blog Awards Ireland sa bhliain chéanna don bhlag faisin agus nuálaíochta is fearr. Gaiscí móra a bhí iontu tar éis díreach 12 mhí ag blagáil! Bhí mé sona sásta an dara háit a bhaint amach sa dá chatagóir. Tá sé deacair a chreidiúint gur thosaigh mé mo bhlag bliain amháin ó shin. Sleamhnaíonn an t-am go tapaidh uait nuair a bhíonn tú ag baint sult as! Seachas sin, bhí an t-adh orm chomhoibriú a dhéanamh le go leor brandaí iontacha agus bhuail mé le roinnt de mo chairde is fearr ar an mbealach.

 

Cén fhís atá agat mar blagálaí?

Cuirtear an cheist seo orm go mion minic agus chun na fírinne a rá, níl cliú dá laghad agam. Fuair mé aiseolas dearfach ó mo chuid léitheoirí ó a thosaigh mé Fashion Boss, agus mar sin ba bhreá liom leanúint ar aghaidh agus Fashion Boss a fhorbairt mar bhlag agus mar bhranda. Beidh mé ag comhoibriú le roinnt daoine spreagúla sna seachtainí amach romhainn – bí ag faire amach!

 

An bhfuil aon chomhairle agat do blagálaithe nua?

Téigh amach ansin agus bíodh spraoi agat sa phróiséas! Téigh go dtí an méid is mó imeachtaí agus is féidir. Is bealach iontach é bualadh le daoine nua – blagálaithe agus daoine sa earnáil faisin san áireamh.

 

Lean Lorna agus Fashion Boss ar . . .

Twitter @lornajaneduffy

Instagram @fashionboss_ie

Facebook www.facebook.com/FashionBoss1

Léigh Fashion Boss ag www.fashionboss.ie