An Chraic

13566995_1102825546458597_4700182468116086565_n

Ag Comhrá Le… King Kong Company

Is banna leictreonaice iad King Kong Company, as Co. Port Láirge. Tá Mark White, Tom Stapelton, Alan Aylward, Colin Hoye, Mark Graham agus Trish Murphy mar bhaill den bhanna. Labhair siad linn anseo ag Raidió Rí-Rá faoina gcéad albam, a gcuid oibre le Neil McLellan, agus a singil is déanaí, Scarity Dan.

Cé a thugann inspioráid daoibh mar bhanna?

Tá cúigear againn ar an ardán, ach tá deichniúr againn i gclann King Kong agus bíonn na blasanna ceoil an-difriúil óna chéile. Is cuimhin liom nuair a bhíomar sa veain, agus muid ag dul ó ghig i Luimneach go ceann iontach eile i Sligeach, agus bhí gach duine ag canadh ‘Girls Just Wanna Have Fun’ le Kim Wilde, chomh hard agus is féidir. Seans nach dtaispeánann sin mórán faoi na daoine a spreagann muid ach bhí an-chraic againn pé scéal é! Electro-dubby-rock an t-ainm a thugaimid ar an gcineál ceoil a dhéanaimid – is féidir do thuiscint féin a thógáil uaidh. Ag Electric Picnic, feicfidh sibh muid ag rith chun St. Vincent a fheiceáil, duine nó beirt eile ag féachaint ar Bjork, cúpla duine ag baint an-taitneamh as Battles, cúpla duine eile ag rince ag Squarepusher, agus muid ar fad ag damhsa ag Chic. Tagann inspioráid ó gach áit, is dócha, agus tá an t-ádh orainn a bheith in ann seinm ag go leor féilte agus go mbíonn an deis againn go leor bannaí iontacha eile a fheiceáil. Chonaic mé an banna Éireannach AEMak ag Body & Soul cúpla seachtain ó shin, agus b’shin ceann de na bannaí ab fhearr a bhfaca mé an deireadh seachtaine ar fad. Éisteann gach duine le go leor rudaí difriúla agus tógaimid píosa beag de gach rud ar ais linn go dtí an stiúideo.

Comhghairdeas, d’eisigh sibh bhur gcéad albam le déanaí! Conas a mhothaigh sé sin? Agus conas a d’éirigh libh ag obair leis an léiritheoir Neil McLellan?

Go raibh maith agat. Chaitheamar bliain go leith ag obair air agus rinneamar taifead air muid féin. Bhí moill orainn agus muid á éisiúnt toisc gur iarramar ar Neil McLellan (a léirigh nach mór gach albam le The Prodigy) amhrán amháin a mheascáil dúinn. Rinne sé sár-jab ar an amhrán sin. Mar sin, d’iarramar air an t-albam ar fad a mheascadh agus chuireamar siar an dáta don éisiúnt. B’fhiú go mór é. Bainimid an-taitneamh as gach rud a dhéanaimid agus bhíomar ag iarraidh rud éigin a chruthú chun é sin a thaispeáint, agus bhíomar ag iarraidh go mbeadh sé sin soiléir sa cheol. Bhíomar ag iarraidh a bheith bródúil as. Más rud é nár cheannaigh aon duine cóip den albam, thuigfeadh muid go fóill gur éirí leis. Toisc gur muid a rinne é, is féidir linn breith air inár lámha agus a rá go bhfuil muid brodúil as. Ní amháin sin ach rinneamar é le gcairde. Bheadh muid buíoch as rud ar bith ina dhiaidh sin.

Inis dúinn faoi bhur singil is déanaí, Scarity Dan.

Ó thaobh an cheoil de, tá go leor cúnaimh ann ó beagnach gach duine sa bhanna. De gnáth, tagann Mark W nó Aley thuas le groove nó rif agus ansin, tá an chuid eile dúinn in ann a chur leis, a bhaint as nó gnéithe difriúila a chuir le chéile chun amhrán iomlán a dhéanamh as. Tá go leor gnéithe difriúila ag Scarity Dan, agus b’fhéidir is sampla maith é de go leor dena tionchair atá againn. Tá tionchar láidir ska ar an ceann seo, ach buaileann sé fós leis an gcuid eile acu. Go liriciúil, tógadh inspioráid ón ealaín sráide Hold Fast a bhí cruthaithe mar chuid den bhféile First Fortnight i mBaile Átha Cliath. Pléann an t-amhrán le cé chomh deacair a mbíonn sé chun dúlagar a throid, nuair a éiríonn cúrsaí dorcha, ach, go dóchasach, tá solas ann fós ag soilsiú inár gcroí istigh sa chuid is mó againn, má bhfuil an t-adh againn.

Cad é an gig is fearr a sheinn sibh go dtí seo?

Beidh freagra difriúil ag gach duine sa bhanna don ceist seo, ach domsa, bhí sé Body & Soul 2014. Bhíomar ag seinm ar an príomh-ardán an-luath ar an Domhnach, timpeall a haon a chlog nó rud éigin. Tarlaíonn ár ngigeanna is fearr sa dorchadhas os gcomhair lucht éisteachta a bhfuil roinnt náire caillte acu.  Ní raibheamar ag súil le go leor daoine a fheiceáil ag an ngig seo, ach fós bhíomar ag súil go mór leis an seit ar an bpríomh-ardán. Nuair a chuamar ar an ardán, bhí lucht éisteachta ollmhór ann chun muid a fheiceáil. Bhí sé an lucht is mó a bhfaca mé ag an príomh-ardán d’aon banna ag Body & Soul riamh. Gig iontach a bhí ann agus mothaigh sé an-speisialta. I ndiaidh sin, shuíomar ar binse páirce, le cúpla cannaí agus bhí gáire iontach againn. Domhnaigh maith a ba é.

Dá mbeadh deis agat obair a dhéanamh le haon ceoltóir eile ar albam nó amhrán, cé a roghnófá agus cén fáth?

Sin ceann éasca domsa. Toots Hibbert ó Toots & The Maytals. Laoch corraitheacha, funcaí, skanking reggae agus reigé sean-nóis. Tá sé ag seinm Electric Picnic i mbliana. Beidh mise ann ag an mbacainn ag déanamh seó díom féin.

Agus tá sibh ag seinm Indiependence an deireadh seachtaine seo chugainn! An féidir libh insint dúinn cad atá pleanáilte agaibh le haghaidh bhur seit?

Seans ar bith a bhfuil muid ag insint daoibh cad atá pleanáilte againn! Táimid tar éis ionadh nó dhó a chur do gach gig féilte atá déanta againn an samhradh seo agus is féidir libh a bheith cinnte go mbeidh cleas nó dhó againn freisin. Beidh sé mórthaibhseach agus le go leor dord. Sin a mhéid atá muid chun a rá!

Chonaic mé Editors ag féile éigin roimhe sin (ní chuimhin liom cén fhéile…), agus is banna thar barr iad beo, ach seans gur tabharfaidh Fang Club lán a léine dóibh! Freisin, ba mhaith liom Pleasure Beach agus Saint Sister a fheiceáil, ní bhfaca mé iad ag féile roimhe seo.

Agus cad atá i ndan daoibh don chuid eile de 2016?

Tá go leor féilte fágtha againn don chuid eile den samhradh. Fuaireamar amach i rith na cúpla bhliaina anuas go ardaímid go leor móiminteam i rith samhradh lán le féilte agus bíonn an céad uair a sheinneamar in ionad faoi dhíon san fómhair an-craiceáilte de gnáth. Beidh ár ngig don deireadh an tséasúir féilte ar an Aoine, 30ú Mean Fómhair, sa The Academy, i mBaile Átha Cliath. Beidh sé thar barr.

 

Tá an t-agallamh seo aistrithe ó Bhéarla.

Lean King Kong Company ar…

Facebook: www.facebook.com/KingKongCompany

Twitter: @KingKongComp

Beidh King Kong Company le feiceáil ag an bhféile Indiependence, ó 29ú – 31ú Iúil 2016, ar Deer Farm, Baile Mhistéala, Co. Chorcaí. Níos mó eolais: indiependencefestival.com