An Chraic

janet-devlin-1

Ag Comhrá Le… Janet Devlin

Is ceoltóir agus amhránaí í Janet Devlin ó Contae Thír Eoghain. Ghlac sí páirt san X Factor i 2011 agus d’éirigh léi an cúigiú áit a bhaint amach sa gcomórtas. Scaoil sí a céad albam, Running With Scissors, i 2014 agus anois tá sí ag obair ar a dara albam, Holy Water.

Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag scríobh do chuid ceoil féin?

Is cuimhin liom go raibh mé i gcónaí an-tógtha leis an gceol. Chomh luath is go raibh mé in ann baint a bheith agam leis an gceol, bhí baint agam leis. D’aimsigh mé feadóg stáin mo dheartháir nuair a bhí mé 3 nó 4 bliana d’aois. B’shin an chéad thaithí a bhí agam leis an gceol. Bheartaigh mé go raibh mé ag iarraidh Twinkle Twinkle a mhúineadh dom féin le go mbeinn in ann é a thaispeáint do mo thuismitheoirí nuair a thiocfaidís abhaile ón obair. Agus cinnte go leor, rinne mé díreach sin. Is cuimhin le mo chlann mé ag canadh an t-am ar fad agus mé ag fás aníos. Go minic, d’iarrfaidís orm cad a bhí á chanadh agam, agus uaireanta an freagra a bhí agam ná “rud éigin a chum mé”. Is dócha go raibh mé i gcónaí ag scríobh freisin.

Cé a thugann inspioráid duit?

An rud a thugann an méid is mó inspioráide dom ná na daoine atá timpeall orm. Bím ag scríobh amhrán faoi na rudaí atá ar siúl i mo shaol laethúil agus mar sin, spreag mo chairde agus mo chlann go leor amhrán atá scríofa agam.

Bhí do chéad albam, Running With Scissors, ag barr na gcairteacha don cheol Indie sa Ríocht Aontaithe nuair a éisíodh é. Agus eisíodh é sa Stát Aontaithe an bhliain seo caite freisin. Conas mar a mhothaigh sé, aiseolas dearfach a fháil faoi do chéad albam?

Bhí sé ar fheabhas! Chuir sé ionadh orm go raibh daoine chomh dearfach faoi anseo agus sna Stáit. Nuair atá tú tar éis an oiread sin oibre a dhéanamh air, tá sé iontach nuair a bhaineann daoine taitneamh as an gceol. Níor éisigh mé aon amhrán de mo chuid féin riomh an albam seo. Thug sé faoiseamh dom mar sin, gur thaitin m’amhráin féin le daoine, chomh maith le hamhráin a chlúdaigh mé.

Déanann tú clúdú ar amhráin cheoltóirí eile ar do chainéal Youtube agus ar do EP Duvet Daze. Dá mbeadh deis agat aon cheoltóir a phiocadh chun d’amhrán féin a chlúdú, cé a phiocfá agus cén fáth?

Ba bhreá liom Ed Sheeran a chloisteáil ag canadh m’amhráin Whiskey Lullabies. Ceapaim go mbeadh a ghuth agus a chuid amhránaíochta corraitheach iontach ar an traic. Ina theannta sin, tá leagan Gaeilge den amhrán Whiskey Lullabies ann freisin agus bheadh sé iontach Ed Sheeran a chlositeáil ag canadh níos mó as Gaeilge.

Tuigim go bhfuil tú ag obair ar do dhara albam, Holy Water. Conas atá ag éirí leat go dtí seo? An féidir leat aon rud a rá linn faoi?

Go han-mhaith go dtí seo! Tá mé ag obair go dian agus ag scríobh an méid is mó amhráin agus is féidir liom don dara albam. Tá mé an-bhrodúil as an gcuid is mó dóibh! Tá Holy Water níos macánta agus níos oscailte ná mo chéad albam. Tá sé bainteach le peacaí a admháil agus d’anam a ghlanadh. Scaoilfidh mé neart rún ar album #2!

Le cúpla bliain anuas, rinne go leor ceoltóirí agus bannaí taifead ar leagain Ghaeilge dá gcuid amhráin dúinn. Tá go leor daoine óga in Éirinn ag scríobh amhrán as Gaeilge nó ag taifead leagan Gaeilge anois freisin. Cad a cheapann tú faoi seo? An raibh an Ghaeilge tábhachtach duit agus tú ag fás aníos?

Ceapaim go bhfuil sé dochreidte. Tugann sé fuinneamh nua don teanga nuair a chuireann tú ceol nua-aimseartha leis. Bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach de mo shaol nuair a bhí mé óg toisc gur fhreastail mé ar naíonra agus ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Bheartaigh mé í a fhoghlaim arís anuraidh, agus rinne mé taifead ar an amhrán is fearr liom ó Running with Scissors, as Gaeilge. Ceapaim go bhfuil sé iontach go bhfuil níos mó agus níos mó ceoltóirí á dhéanamh. Seans go spreagfaidh sé daoine óga an rud céanna a dhéanamh agus seans go músclóidh sé grá don Ghaeilge iontu.

Cad iad na brionglóidí is mó atá agat mar ceoltóir?

Ba bhreá liom seinm ag Glastonbury lá éigin! Ba bhreá liom páirt a glacadh i níos mó féilte mar ní dhéanaim iad de gnáth, ach ba bhreá liom iad ar fad a dhéanamh uair éigin. An bhrionglóid is mó atá agam ná an méid is mó daoine agus is féidir liom a shroiceadh le mo cheol. Tuigim go bhfuil an ceol suibiachtúil, agus nach dtaitneoidh gach rud a scríbhim le gach duine. Ach bheadh sé iontach dá gcloisfeadh níos mó daoine mo cheol le go bhféadfadh siad a gcuid tuairimí féin a thabhairt.

hiad na ceoltóirí a bhfuil ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Don chéad uair i mo shaol, táim ag éisteacht leis an “Top 40” go minic! Is aoibhinn liom electric hooks agus samples agus sin atá mór i láthair na huaire. Táim ag baint an-taitneamh as. Neart Bieber, Rudimental, Sia, Diplo srl. Ach chomh maith leis sin, bím ag éisteacht le go leor ceoil ó na 90aidí /2000í, ceol a d’fhás mé aníos leis. Ceol cosúil le Blink 182, Green Day, Daft Punk agus Korn. Meascán mór de gach rud i láthair na huaire! Níl aon rialacha agam faoin gcinéal ceoil a éistim leis. Más amhrán maith é, is amhrán maith é.

Cad iad na buaicphointí i do ghairme go dtí seo?

Na buaicphointí atá agam ná: ag seinm don Dalai Lama, ag seinm i bPáirc an Crócaigh agus ag cur an albaim le chéile. Nuair a bhí mé óg, bhí mé ag súil go mbeadh m’fhíseán ceoil ar MTV agus go rachainn go Abbey Road. Tá mé an-sásta gur bhain mé na spriocanna sin amach.

An bhfuil aon chomhairle agat do ceoltóirí óga?

Coinnigh leis! Níor cheap mé riomh go raibh seans ann go mbeinn in ann gairme ceoil a bheith agam nuair a bhí mé óg, ach bhí. Caithfidh tú tú féin a chur amach ansin, féiniúlachta láidir a bheith agat agus an rud a chuireann athás ort a dhéanamh. Bí dílis duit féin. Tá an saol ró-ghearr ceol nach dtaitníonn leat a sheinm.

Lean Janet ar…

Facebook www.facebook.com/thejanetdevlin

Twitter @JanetJealousy

Instagram www.instagram.com/janetdevlinofficial

Tá an t-agallamh seo aistrithe ó Bhéarla.