An Chraic

Jackal

Ag Comhrá Le… Jackal

Is amhránaí agus ceoltóir é Jack Lynskey as Baile Átha Cliath – ‘Jackal’ a thugann sé air féin. D’eisigh sé a shingil nua, Groundhog Day, le déanaí.

Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag seinm ceoil, is ag scríobh do cheol féin?

Bhí mé ocht mbliana déag d’aois nuair a thosaigh mé ag canadh. Thosaigh mé ag canadh i gcór sa tséipeál agus i gceoldhrámaí, agus nuair a d’éist mé le Lily Allen dón chéad uair, thosaigh mé ag scríobh mo cheol féin.

Cá bhfuair tú an t-ainm ‘Jackal’?

Bhuel, bhí suim agam i gcónaí i miotaseolaíocht na hÉigipte, agus bhí an-iontas orm i gcónaí faoi God Anubis – atá changailte le mumú agus an saol eile. Ceapaim gur bheartaigh mé ag am éigin cruth a chur ar an mbealach a bhí mé ag fás mar cheoltóir agus mar dhuine, agus ceapaim go léiríonn an t-ainm Jackal an athrú agus an fás sin go láidir. Freisin, bhí mé spreagtha leis an gcoincheap a bhí ag albam Villagers, Becoming a Jackal.

Cé hiad na ceoltóirí a thugann inspioráid duit?

Faighim go leor inspioráide ó David Bowie agus Lady Gaga, is aoibheann liom an bheirt acu. Faighim inspioráid ó Marina and the Diamonds agus Arctic Monkeys freisin

Inis dúinn faoi do shingil nua, Groundhog Day. Cá bhfuair tú inspioráid don amhrán seo?

Scríobh mé an t-amhrán trí bliana ó shin. Fuair mé neart inspioráide ón scannán, Groundhog Day, le Bill Murray. Tá sé cosúil le hamhrán snagcheoil, agus amhrán rac freisin agus cosúil le hamhrán le Imelda May nó Duke Special. Tá na liricí faoin bhfrustrachas agus faoin imní, agus faoin am ag éalú uaim, agus an t-eagla a bheith ann ina dhiaidh.

Cad é an ghig is fearr a rinne tú go dtí seo?

Tá go leor seónna déanta agam, ach ach an ceann is fearr a rinne mé ná gig i Whelans, ar an ardán, os comhair 400 duine. Bhí mé ag canadh i Sráid Vicar os comhair 900 daoine anuraidh, chun tacú leis an Reifreann Pósta Comhionannais. Oíche iontach a bhí sé.

Dá mbeadh deis agat obriú le haon duine, cé a roghnófá?

Ba bhreá liom canadh le Lady Gaga. Tá an obair a dhéanann sí le le Tony Bennett, Sting agus na Rolling Stones iontach, agus ba bhreá liom amhrán a scríobh agus a taifead léi. Ceapaim go mbeadh na torthaí an-suimiúil. Ba bhreá liom John Congelton a bheith agam mar léirtheoir. Tá a chuid oibre le St. Vincent agus John Grant thar bharr.

Cad iad na brionglóidí is mó agat mar ceoltóir?

Forlámhas domhanda.

Cé hiad na ceoltóirí atá tú ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Cá dtosóidh mé? Tá mé ag éisteacht le Susanne Sundfor, Rihanna, Josef Salvat agus Lion Babe i láthair na huaire. Tá mé ag éisteacht le Reality agus Scary Monsters (and Super Creeps) le David Bowie freisin, agus mo chairde sa choláiste, mar shampla Elm, Ev agus Orchid Collective.

An bhfuil aon phleananna agat do 2016?

I láthair na huaire, táim i lár albaim a scríobh, a bheidh á thaifead is á léiriú agam nuair atá an coláiste thart. Agus tá cúpla gig sa phíblíne atá sceitimíní orm futhú. Bhí an t-aiseolas ó Groundhog Day go hiontach go dtí seo, mar sin b’fhéidir go mbeidh 2016 mór do Jackal!

Lean Jackal ar..

Facebook www.facebook.com/jackalmusic

Twitter @jackalate

Féach ar an bhfíseán do Groundhog Day thíos: