An Chraic

GB 1

Ag Comhrá Le… Girl Band

Is banna ceoil rac iad Girl Band, as Baile Átha Cliath. Tá an t-amhránaí Dara Kiely, an dordóir Daniel Fox, an giotáraí Alan Duggan agus drumadóir Adam Faulkner mar bhaill den bhanna. Labhraíomar leis an ngiotáraí Alan le déanaí faoi chéad albam an bhanna, Holding Hands with Jamie, agus an t-ainmniúchán a fuair siad don albam sin ag na gradaim Choice Music Prize i mbliana.

Conas gur tháinig sibh le chéile mar bhanna?

Tá mé féin, Daniel agus Dara ag seinm ceoil lena chéile ar feadh na blianta. Tar éis cúpla foirmíocht difriúil, d’aimsíomar Adam, agus bhunaíomar Girl Band. Bhí ár gcéad EP eisithe i 2011, ceapaim.

Cé a thugann inspioráid daoibh?

Is breá linn ar fad an ceol. Déanaimd iarracht éisteacht leis an méid is mó stíleanna agus seánraí agus is féidir linn chun tioncahr a fháil uathu. Tá cúpla rud ann agus táimid cinnte de nach bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh an fhuaim sin againn, ach seachas sin, táimid sásta triail a bhaint as aon rud.

Inis dúinn faoi na gigeanna is fearr a rinne sibh.

An ceann is mó a thaitin liom go pearsanta ná gig a rinneamar i Tenerife. Sheinneamar i sean-thanc Keroxen. Bhí sé go hiomlán craiceáilte, ach bhí neart spraoi againn. Ní raibh árdán ann agus bhí daoine mórthimpeall orainn – chun tosaigh agus taobh thiar dúinn.

D’eisigh sibh bhur gcéad albam, Holding Hands With Jamie, i mí Mheán Fhómhair. Cá bhfuair sibh an inspioráid don albam sin?

Bailiúcháin amhrán atá ann agus scríobhamar an chuid is mó acu an bhliain seo caite. Mhothaíomar gur oibrigh siad go maith le chéile.

Comhairgeadas ar bhur ainmniúchán don albam is fearr ag na gradaim Choice Music Prize i mbliana! Conas a mhothaigh sé, chun an t-aitheantas sin a fháil do bhur gcéad albam?

Go raibh míle maith agat! Bhí sé deas an t-aitheantas sin a fháil, go háirithe inár dtír féin.

GB 2

Inis dúinn faoi na brionglóidí is mó atá ag Girl Band.

Is cliché é é a rá, ach an bhrionglóid is mó atá againn ná go mbeimid ag scríobh chomh fada agus is féidir linn. Ba bhreá linn a bheith ag taifead amhrán lena chéile agus muid sna 50aidí.

Cad iad na buaicphointí a bhí agat le Girl Band go dtí seo?

An bhuaicphointe atá agam ná go bhfaca mé an-chuid áiteanna timpeall an domhain le mo chairde. Tá sé an-taineamhach a bheith i dtíortha eile ag seinm do lucht féachana difriúla i gcathracha agus i mbailte nach bhfaca mé riamh roimhe sin.

hiad na ceoltóirí agus bannaí a bhfuil tú ag éisteacht leo ar na saolta seo?

Cheannaigh mé ceirnín nua Pat Thomas agus Kwashibu Area Band. Albam ó Ghana atá ann agus tá sé go hiontach. Tá cúpla amhrán iontach ar an albam. Ba cheart daoibh éisteacht le Gyae Su.

Cad atá sibh ag tnúth leis i mbliana?

Táimid ag tnúth le cúpla gig a sheinm. Bhíomar ag scríobh roinnt mhaith le cúpla mí anuas, agus beidh sé deas rud éigin difriúil a dhéanamh agus cúpla gig a sheinm.

 

Beidh Girl Band ag seinm i Sráid Vicar, Baile Átha Cliath, ar 1 Aibreán.

Lean Girl Band ar…

Facebook: www.facebook.com/girlband

Twitter: @girl_band

www.girlband.com

 

Tá an t-agallamh seo aistrithe ó Bhéarla.