An Chraic

28701

AG COMHRÁ LE… Emma Langford

Is ceoltóir agus amhránaí í Emma Langford, as Luimnigh agus labhair sí linn ag Raidió Rí-Rá le déanaí!

Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag seinm ceoil, agus ag scríobh do cheol féin?

Bhí mé sa tríú bhliain ar scoil nuair a phioc mé an giotár suas ar dtús – dáiríre píre, ní raibh mé ach ag lorg bealaí chun an staidéar a sheachaint! D’fhás mé aníos le beirt thuismitheoir a bhí ag obair le sínscríbhneoireacht agus cártúin agus bhí an-suim go deo agam sna hamharc-ealaíona. Bhí mé cinnte go mbeinn ag obair le dearadh grafach nó léaráidí. Ag smaoineadh air anois, bhí mé ag freastal ar scoileanna stáitse ón a raibh mé ag caitheamh clúidíní. Is cosúil go raibh mé i gcónaí le bheith ar an stáitse!

Thosaigh mé ag scríobh amhrán nuair a bhí mé fós sa mheánscoil, agus is dócha gur thosaigh mé á tógáil go dáiríre nuair a thosaigh mé sa choláiste. D’fhéadfá a rá go bhfuil mé  cineál déanach ag teacht go dtí an chóisír ach ní féidir a bheith ró-shean sa chluiche seo is dócha!

 

Cé hiad a thugann inspioráid duit?

Faighim inspioráid ó cheoltóirí baineann i saol an cheoil, cosúil le Nina Simone, Joni Mitchell, agus in Éirinn, daoine cosúil le Wallis Bird agus Lisa Hannigan… Spreagann daoine a fhanann dílis dóibh féin mé. Cabhraíonn sé gur mná láidre iad atá ag maireachtáil i saol ina bhfuil fir chun tosaigh.

Cuireann daoine mé i gcomparáid le Joni, le Norah Jones, agus le Eva Cassidy – d’éist mé le go leor Norah agus Eva agus mé ag fás aníos. Bhí a ndlúthdhioscaí ag Mom i gcónaí timpeall an tí, mar aon leis na Beatles agus Jeff Buckley. Tá Joni Mitchell cineál nua dom ar mo sheinnliosta, ach is breá liom gach rud a dhéanann sí lena guth agus an stíl atá aici. Níl a fhios agam an ndéarfainn gur imir sí tionchar orm, ach tugann sí misneach dom leanúint ar aghaidh le gach rud atá ar siúl agam féin.

Ligim don timpeallacht dul i bhfeidhm orm. Éistim le gach rud nua ar an raidió, agus tugaim aird ar gach rud atá timpeall orm chun inspioráid a fháil. Leanann sé sin ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile…!

 

Inis dúinn faoi d’amhrán, Tug O’War. Bhí go leor daoine ag labhairt faoi ar na meáin sóisialta nuair a scaoileadh é, ach cá bhfuair tú an inspioráid don amhrán seo?

Spreag na fuaimeanna mórthimpeall orm mé –an fuaim ón gcith le bheith níos soiléire! Bhí mé ag glanadh mé féin tar éis seisiúin traenála, agus ag crónán leis an armóin agus in am leis an bhfuaim ón gcith leictreach. Agus go draíochtúil, rugadh Tug O’War.

Is smaointe iad na liricí faoin imní agus faoin amhras. Bhíonn mar chonstaic laethúil do go leor daoine agus iad ag maireachtáil lá i ndiaidh lae. Tá sé cosúil le Tug of War leanúnach idir an imní, agus an dúil atá agat súp a bhaint as an saol.

 

D’eisigh tú do chéad EP, Emma Langford, le déanaí – comhghairdeas! Inis dúinn faoi sin.

Chaith mé deireadh seachtain in iarthar Chorcaí ag deireadh Mhí an Mhárta. Rinneamar taifead ar mo thraiceanna, agus ar thraiceanna Peter ar an ndord – níor chualamar ach leagan bunúsach de na hamhráin, ach bhí cuma iontach orthu! Tá sé amhrán láidir agus éagsúil againn ar an EP, Tug O’War ina measc. Tá dhá fhuaim éagsúil ag an hamhráin ar fad ag an am céanna, an gcreidfeá! – an ceol domhanda agus an ceol Gaelacha. Tá bodhrán, feadóg íseal, pianó agus olldord le cloisteáil ar an albam, agus tá seans go mbeidh bouzouki againn freisin! Meascán álainn de stíleanna ceoil a bheas ann!

 

Dá mbeadh deis agat obair a dhéanamh le haon cheoltóir eile, cé a roghnófá?

Is ceist an-dheacair í sin. Tá go leor ceoltóirí ann gur bhreá liom obair a dhéanamh leo! Tá liosta chomh fada le mo lámh agam le ceoltóirí Éireannach, cosúil le Wallis Bird, Jack L, Glen Hansard, Fionn Regan, the Divine Comedy. Dá mbeinn in ann dul ar ais in am, ba bhreá liom obair a dhéanamh leis na Beatles – nuair a raibh siad i mbarr a réime! Bhí an cuma ar an scéal go raibh go leor spraoi acu ag scríobh, ag taifead agus ag cur a n-albaim le chéile. Bheadh sé sin mar bhrionglóid agam.

Cad é an ghig is fearr a rinne tú?

Bainim an-sult as gigeanna a dhéanamh in ionaid bheaga nuair atá an slua ann le héisteacht le do scéalta agus le d’amhráin. Sheinn mé i gcúpla áit mar sin – thuas staighre i Dolans i Luimnigh, McCarthy’s sa Daingean, an Róisín i nGaillimh, ach bhain mé fíor-thaitneamh as gig a rinne mé sa White Horse Sessions san Leacht. Tá tú suite ar stáitse íseal i gcúinne an tseomra, agus tá an lucht féachana ar fad fáilte mhór romhat. Bíonn an-chuid tacaíochta ann agus tá daoine ann don chraic, rud atá an-tábhachtach freisin!

Cad í an bhrionglóid is mó atá agat mar ceoltóir?

FORLÁMHAS DOMHANDA!

Ach i ndáiríre, ba bhreá liom a bheith in ann taistil leis an gceol. Níl sé mar bhrionglóid agam a bheith i mo réalta domhanda, ach ba bhreá liom lucht leanúna beag a bheith agam i go leor cúinní den domhan, ionas go mbeinn in ann turas a thabhairt chuig na Stáit Aontaithe, nó chuig an Ghearmáin nó pé áit, chun bualadh agus oibriú le ceoltóirí nua, gig a sheinm, cúpla dlúthdhiosca a dhíol agus chun bualadh le go leor daoine nua! Bheadh sin go hálainn.

An bhfuil aon phleananna don chuid eile do 2016?

Tá mo EP scaoilte agam anois agus beidh mé ag dul ar chamchuairt timpeall na tíre, agus b’fhéidir trasna chuig an Ríocht Aontaithe.  Táim ar bís le a bheith in ann breith mo chéad EP anois! Bomaite speisialta a bhí ann, nach mbeadh indéanta gan an tacaíocht a fuair mé ó mo chairde, mo chlann agus mo leantóirí a thug cabhair dom é a mhaoiniú.

Má tá ag éirí go maith le gach rud beidh mé ag dul go dtí an coláiste ar feadh bliana i Mí Mheán Fómhair chun máistreacht a dhéanamh – ag baint leis an gceol, ar ndóigh! B’fhéidir go mbeidh orm sos a thógáil ón ngigeáil, ar feadh tamaill, ach déanfaidh mé an méid is mó is gur féidir liom idir an dá linn!

 

Lean Emma ar …

Twitter @ekstar5000

Facebook Emma Langford Music

Ceannaigh / Íslódáil an EP Emma Langford anseo: http://emmalangfordmusic.bandcamp.com/

Féach ar an bhfíseán do The Seduction of Eve anseo: