An Chraic

27667

Ag Comhrá le… Elm

Is banna ceoil iad Elm as Bré agus Baile Átha Cliath. Tá Dylan Walsh, Aidan Clancy, Gary Molloy, Cathy Ahearne, agus Ruth Cronin mar bhaill den bhanna. Labhraíomar leis an gíotáraí Aidan le déanaí, faoi aistear an bhanna go dtí seo, na daoine a thugann inspioráid dóibh, agus na pleananna atá acu i mbliana.

Cathain a thosaigh sibh ag seinm ceol lena chéile?

Bhí ár n-amhránaí Dylan agus mé féin ag freastal ar an meánscoil lena chéile i mBré. Ní raibh aon áiseanna ceoil inár scoil, agus ní raibh paisean ag go leor daltaí agus múinteoirí don cheol. Níor thosaíomar ag seinm lena chéile go dtí ár gcúigiú bliain ann. Ceol acústaice le guth Dylan agus mo ghiotár a bhí ann. Sheinneamar lena chéile don am a bhí fághta againn sa mheánscoil, agus bhíomar i gcónaí ag caint faoi bhanna ceoil a thosú. I rith ár gcéad bhliain sa choláiste, theastaigh uainn banna ceol a bhunú. Nuair a thosaíomar ag seinm lena chéile, tháinig Elm le chéile i gceart. Ach bhí rud éigin in easnamh ón ár bhfuaim i gcónaí.

Ansin, tháinig Ruth ar bord chun an ‘ummph’ a chur leis an bhfuaim, le sintéiseoirí.

Cé hiad a thugann inspioráid duit?

Tá sé greannmhar toisc go bhfuil tionchair difriúla ag gach duine againn. Is breá liomsa ceol miotal, agus is aoibhinn liom giotáir atá an-ghlórach! Is aoibhinn le Dylan guthanna mín ó cheoltóirí cosúil le Nina Simone nó Amy Winehouse. Ceoltóirí atá in ann do mhothúcháin a tharraingt. Bhí Gary mar ball den Acadamh Ríochta ar feadh blianta agus is aoibhinn leis ceol clasaiceach. Ó Debussy go Chopin, is aoibhinn leis iad go léir agus tá sé in ann iad go léir a sheinm! Is í Cathy ár bpunc-racair. Ní thugann rud ar bith níos mó sonais di ná a bheith ag seinm na drumaí chomh tapaigh agus chomh funcaí agus is féidir. Is í Ruth an bhanríon pop. Ní raibh rud ar bith níos deise ná an uair a chonaic sí Taylor Swift sa 3Arena. Ach táimid in ann aontú ar cheoltóirí ó gach seánra, ar nós Lana Del Rey, Ben Howard, Soak, London Grammar, Villagers, agus níos mó. Inár dtuairim, cabhraíonn an meascán tionchar atá againn chun fuaim Elm a cruthú.

Inis dúinn faoi na gigeanna is fearr a rinne sibh.

Bhí go leor gigeanna dochreidte againn go dtí seo, ach is iad na buaicphointí atá againn ná nuair a sheinn muid ar an bpríomh-ardán ag Gay Pride Baile Átha Cliath i 2015. Bhí sé ar siúl díreach i ndiaidh an reifrinn rathúil, agus bhí an lucht féachana ann chomh iontach, agus chomh mór. Bhí an lainseáil dár EP i gClub Odessa i Mí an Mhárta 2015 iontach freisin. Bhí na ticéid díolta amach! Sheinneamar i séipeál i gCill Mhantáin i Mí na  Samhna 2015. Idir an fhuaim leithleach ón eaglais agus an t-atmaisféar, bhí an ghig sin an-speisialta ar fad.

Inis dúinn faoin singil, Amends. Cén fáth gur scríobh sibh an t-amhrán seo? Agus conas gur thosaigh sibh ag obair le Daithí?

Is amhrán grá é Amends , ach seachas an solas a taispeáint leis féin, is breá liom an dorchadas a chur in iúl chomh maith. Mar is eol dúinn ar fad, níl an grá éasca. Bíonn dúshláin ag baint le gach caidreamh agus nuair a táim ag scríobh liricí do Elm, is breá liom an teachtaireacht seo a chur chun cinn. Mothaím go bhfuil muid ag insint bréige dúinn féin muna ndéanfaimis. Tá dáimh ag gach duine i Elm leis na teachtaireachtaí sna amhráin, agus cabhraíonn é seo linn ceangail a bheith againn leis an gceol a chruthaimíd.

Bhíomar i gcónaí an-tógtha le Daithí – tá a amhráin féin dochreidte. Thosaíomar ag labhairt leis cúpla mí ó shin, agus mar a tharla sé, thaitin Amends go mór leis freisin. Mar sin, d’úsáid sé a chuid draíochta agus rinne sé obair ar an amhrán ar feadh cúpla seachtain, agus bhíomar an-sásta leis an toradh! Níor cheapamar riamh go mbeimis in ann damhsa a dhéanamh le Amends!

Inis dúinn faoi na brionglóidí is mo atá ag Elm.

Ba bhreá linn i gcónaí seinm in amharchlann an Olympia. Is é an Olympia an t-ionad is fearr linn i mBaile Átha Cliath, cinnte. Tá an t-atmáisféar agus an fhuaim dochreidte ann. Brionglóid mhór eile atá againn ná seinm sa séipeál sa Daingean i rith na féile Other Voicees. Sheinneamar an Other Voices Trail i mí na Nollag, agus bhí sé iontach ar fad, ach ba bhreá linn sheinn sa séipéal sin! D’oibríomar le go leor léiritheoirí iontacha – Michael Heffernan, Michael Brady agus Dan Doherty, díreach le cúpla duine a lua. Ach táimid i gcónaí ag iarraidh obair a dhéanamh le léiritheoirí nua!

Cad iad buaicphointí an bhanna go dtí seo?

Is taithí iontach é a bheith luaite i go leor de na blaganna ceoil is mó in Éirinn. Léimid na blaganna seo agus tá suim againn i gcónaí sna rudaí atá luaite iontu, agus an méid atá le rá ag daoine iontu. Tá sé iontach d’ainm féin a fheiceáil ar an liosta! Tá sé dochreidte na hamhráin a chaith tú go leor ama orthu, agus a d’oibrigh tú orthu ar ar feadh tamaill fhada, a chloisteáil ar chlair raidió náisiúinta móra freisin.

Cé hiad na ceoltóirí atá sibh ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Is aoibhinn linn an ceol Éireannach atá ann i láthair na huaire. Tá sé dochreidte an méid sin tallainne atá ann! Na ceoltóirí is fearr linn ná ceoltóirí ar nós Otherkin, Saint Sister, The Academic, Dah Javu, Wyvern Lingo (atá as Bré freisin), agus leanann an liosta ar aghaidh agus ar aghaidh! Tá clú agus cáil tuillte ag na bannaí seo ar fad timpeall an domhain.

Cad atá sibh ag tnúth go mór leis i mbliana?

Tá go leor ar an mbealach dúinn i mbliana. I mí Bealtaine, beimid ag dul go Toronto chun seinm ag an Canadian Music Week, agus tá sceitimíní an domhain orainn! Táimid deimhnithe le seinm ag go leor féilte freisin – Indiependance, Body & Soul, Groove Festival, i measc go leor eile nach bhfuil fógartha fós. Seachas na gigeanna, táimid ag obair ar go leor ceoil nua. Táimid ar bís faoi, agus ag súil leis an gceol a eisiúint.

Lean Elm ar…

Facebook ag www.facebook.com/ThisIsElm

Twitter @ThisIsElm

Instagram @thisiselmm

agus éist leo ar www.thisiselm.com/music

Tá an t-agallamh seo aistrithe ó Bhéarla.