An Chraic

brave-giant

Ag Comhrá Le… Brave Giant

Is banna ceol tíre agus indie iad Brave Giant, as Longfort. Tá na hamhránaithe agus giotáraithe Mark Prunty agus Podge Gill, an seinnteoir bainseó agus maindilín Ross McNerney, drumadóir Emmett Collum augs dordghiotáraí David Kilbride mar bhaill den bhanna. Labhraíomar le Podge Gill le déanaí faoin a EP nua, Lordy, Lordy, na gigeanna atá díolta amach acu i Whelans agus a bpleananna don samhradh… 

Inis dúinn conas a tháinig sibh le chéile mar bhanna.

Thosaigh sé ar fad ar ais i 2011, nuair a bhí mise agus Mark ag iarraidh banna a thosnú – cé a ghlaofaimis Dutch Courage. Bhí ár gcéad ghig ag cóisir 21ú ár gcara. Bhíomar ar bheagán taithí ach caithfidh gach duine tosú áit éigin! Bhí ár dara ghig curtha ar ceal toisc nár tháinig aon duine chuige. Ag an bpointe sin, bhíodh sé an-éasca éirigh as ansin, ach in ionad sin, choinníomar ag obair go crua agus tar éis tamaill, fuaireamar baill nua – tháinig Ross isteach lena bhainseó agus a mhaindilín. I ndiaidh sin, d’athraíomar an t-ainm go Poroma. Nuair a thosaíomar ag scríobh ár gceol féin, bhíomar ag iarraidh a bheith ag déanamh níos mó ná díreach amhráin bhannaí eile a chlúdú. Go luath ina dhiaidh sin, tháinig Emmet ar dhrumaí agus tamaillín ina dhiaidh sin, tháinig David ar dordghiotár, agus ansin d’athraigh dinimic an bhanna ar fad – bheartaíomar ainm an bhanna a athrú agus ansin, rugadh Brave Giant!

Cé a spreagann sibh mar bhanna?

Tá blasanna ceol difriúla againn ar fad agus mar gheall ar sin, tá ár bhfuaim an-uathúil. Éistimid le bannaí an-éagsúil óna chéile, mar sin nuair a thagaimid le chéile chun ceol a scríobh, tagaimid le chéile le go leor dearcthaí éagsúla.

Tá an-tionchar ag bannaí cosúil le Arctic Monkeys, Coldplay, Bruce Springsteen, The National, Mumford & Sons orainn, agus níos cóngaraí le baile, Delorentos. Silím gur maith an rud é go dtaitníonn réimse leathan ceoil difriúl linn, mar beimid níos oscailte nuair is gá rudaí a athrú amach anseo ar albaim eile.

Dhíol sibh amach dhá oíche i Whelan’s le déanaí – conas a bhí na gigeanna?

Chuaigh an dá sheó i Whelan’s i gcion go mór orainn– is institiúid de cheol Éireannach an t-ionad sin. Bhí sé dochreidte chun an chéad sheó a dhíol amach, ach ní rabhamar ag súil leis an dara oíche a dhíol amach in aon chor. Spreagann rudaí mar sin muid níos mó ceoil a scríobh dár lucht leanúna. Tá sé éasca muinín gan bhonn a bheith agat tar éis cúpla seó a dhíol amach, ach fanaimid umhal agus tá a fhios againn nach bhfuil an obair dheacair ach ag tosnú dúinn anois.

Agus comhghairdeas ar an éisiúnt de bhur gcéad EP, Lordy Lordy! Conas a mhothaigh sé é a eisiúint?

Bhí faoiseamh ollmhór é chun an EP a scaoileadh – bhí sé réidh agus taifeadta againn ar feadh beagnach bliain, ach ní rabhamar ag iarraidh é a chur amú leis é a scaoileadh ar an toirt. D’ardaíomar lucht leanúna láidir go seasta agus d’fhanamar don t-am ceart le é a scaoileadh, agus ag breathnú siar, bhí an ceart againn é sin a dhéanamh.

Bhí sé dochreidte gur ndeachaigh an EP chuig uimhir a dhó ar na cairteacha iTunes – muna scaoil Beyoncé a halbam sa seachtain céanna deirfinn go rachaimis chuig uimhir a haon. Seans go bhfuil sé sin santach, ach ní bheidh olc againn di!

Dá mbeadh sibh in ann comhoibriú le haon cheoltóir eile, cé a roghnóidh sibh?

Tá cúpla ceol ann gur mhaith linn comhoibriú leo, ach mothaím go mbeimis féin agus Bruce Springsteen an-mhaith le chéile – ar an ardán beo. Níl mórán ceoltóirí ann atá níos fearr ná Springsteen. Ba bhreá linn oibriú le Kendrick Lamar freisin. Chuireadh sé spin nua ar amhrán Brave Giant!

Cad iad na brionglóidí is mo atá agaibh mar bhanna?

Faoi láthair, táimid ag súil go mbeidh muid mar bhanna mór aitheanta go luath – ní cheart duit breathnú ró-bhfad ar aghaidh go dtí an todhchaí mar rachaidh tú ar seachrán ón bhfírinne agus cad atá ar siúl timpeall ort. D’oibríomar chomh-chrua sin le bheith ag an bpointe seo, chun briseadh isteach ar shaol an cheoil Éireannaigh agus ba mhaith linn leanúint leis an obair chrua.

Ba bhreá linn seinm san amharclann Olympia lá éigin. Bíonn na gigeanna ann an-speisialta i gcónaí. Tá ceangal ann idir an ceoltóir agus an lucht éisteachta ag an Olympia agus pribhléid ollmhór a bheadh ann dúinn.

Agus beidh sibh ag seinm ag an bhféile Indiependence an samhradh seo! An bhfuil aon cheoltóirí ag seinm i mbliana a mhaith libh a fheiceáil?

Táimid ar bís le seinm ag Indiependence. Sé ceann de na féilte is mó sa tír agus is iontach an rud é a bheith ar an bpostaer le roinnt de na ceoltóirí eile! D’fhásamar aníos ag éisteacht le The Kooks, Editors agus Bell X1 – mar sin, níor cheap mé riamh go mbeadh muid ar an gclár céana leo nuair a bhí mé ag éisteacht leo an uair sin!

Cad iad bhur bpleananna don chuid eile den bhliain?

Tá go leor gigeanna againn, níos mó ceoil le scaoileadh ón ár EP agus ar ais go dtí an stiúideó chun níos mó ceoil a thaifead! Go pearsanta, táim ar bís do gach rud a bheidh ar siúl againn i mbliana. Bhí an chéad leath de 2016 go hiontach ar fad – má leanann sé ar aghaidh mar sin, bheidh muid ar mhuin na muice!

Tá an t-agallamh seo aistrithe ó Bhéarla.

Lean Brave Giant ar:

Facebook www.facebook.com/BraveGiantOfficial

Twitter @Brave_Giant

 Beidh Brave Giant le feiceáil ag an bhféile Indiependence, ó 29ú – 31ú Iúil 2016, ag an Deer Farm, Baile Mhistéala, Co. Corcaigh. Níos mó eolas: http://indiependencefestival.com/