An Chraic

barq

Ag Comhrá Le… BARQ

Is banna iad Barq as Baile Átha Cliath, cé a ghlaíonn ‘agrosoul’ ar a stíl ceol féin. Is iad Jess Kav, Stephen McHale, Neil Dorrington agus Tommy Gray mar bhaill den bhanna seo. Labhraíomar leis an t-amhránaí Jess le déanaí faoi a gcéad EP, na féilte atá siad ag seinm an samhradh seo agus a chuid oibre le Hozier, i measc go leor eile!

 

Inis dúinn cathain a thosaigh sibh an bhanna.

Thángamar le chéile dhá bhliain ó shin – b’fhéidir níos mó ná shin ag an bpointe seo. Bhíomar ag seinm i mbannaí éagsúla le chéile, bhí aithne againn ar a chéile ar feadh na blianta, agus bhí mise díreach tar éis turas a chríochnú agus bhí mé ag obair le Lethal Dialect ar a halbam 1988 chomh maith. Bhí mé ar turas le Hozier, le Take Me To Church, agus bhí sé an-inspioráideach le bheith ann, agus le feiceáil conas a éirigh Take Me to Church mar rath ollhmór idirnáisiúnta. Bhí mé ann roimh a scaoileadh an físeán, thuas go dtí cúpla mhí i ndiaidh sin, mar sin bhí sé an-siumúil le bheith thart ag an bpointe sin. Bhí sé an-spreagúil, agus nuair a tháinig mé abhaile i ndiaidh sin, bhí mé ag obair sa stiúideo, agus mothaigh mé ansin ar nós go raibh mé réidh, agus gur féidir liom é seo a dhéanamh. Bhí mé an-spreagtha. Bhí na buachaillí ag obair le daoine difriúila chomh maith, cosúil le Damien Dempsey, Ryan Sheridan agus Róisín Ó. Bhí taithí acu ag obair leis an oiread sin daoine difriúla ag an bpointe sin, agus bhíomar réidh, sílim. Tháinig na gnéithe ar fad le chéile agus thosaíomar ag scríobh. Scríobhamar ar feadh bliain roimh a bheartaíomar le aon rud a éisiúnt – bhíomar ag cleachtadh agus ag cruthú an méid ceol gur féidir linn, agus tar éis tamaill bheartaíomar go rabhamar sásta leis na trí amhráin [Gentle Kind of Lies, That Thing You Love agus Bare], agus thosaíomar ag dul ar aghaidh agus d’éisíomar é, agus sin an áit ina bhfuil muid anois!

Cén fáth gur roghnaigh sibh an t-ainm BARQ don bhanna?

Bhí cúpla smaointe difriúla againn le haghaidh ainm an bhanna – bhíomar ag iarraidh an t-ainm Laika a úsáid, i ndiaidh an céad madra a ndeachaigh chuig an gealach. Thaitin an t-ainm sin go mór linn, ach bhí sé tógtha [ag banna eile], agus ansin bhí smaoineamh eile agam – bhí ‘Lichtenberg’ an céad amhrán a scríobhamar le chéile, ach ní raibh sé sách maith riamh [le dul ar an EP]. Is é Lictenberg ná an t-ainm ar na marcanna a faigheann tú nuair a bhuaileann tintreach thú. Tá siad go hálainn, breathnaíonn siad iontach dochreidte – agus thaitin an meafar go mór liom. Cheap mé i gcónaí go raibh sé an-láidir, agus bhí mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh leis [an bhfocal sin]. Cuardaigh mé é arlíne agus tháinig an focal ‘barq’ thuas, agus ciallaíonn ‘barq’ tintreach in Araibis, agus tá sé onamataipéach le tafann [bark] ó madra, agus oibríonn sé. Mothaím gur oireann sé pearsantacht an bhanna, táimid an-ardghlórach agus táimid saghas iomarcach. Deireann daoine linn uaireanta go bhfuil mo guth ar nós dorn i d’aghaidh! Ach tá sé fuinniúil agus nuálach agus as an ngnáth. Is é an rud is congairí le barq in Eabhrais ná ‘bareqath’, agus ciallíonn é sin ‘iathghlas’ agus toisc gur Éireannaigh muid ar fad, bhí sé foirfe!

Cé a spreagann sibh mar bhanna? Cá bhfaigheann sibh inspioráid le haghaidh bhur gcuid ceol?

Is iad ár laochra ná Hiatus Kaiyote – is banna de ceathrar iad as an Astráil, leis an t-amhránaí dochreidte, Nai Palm. Faighimid inspioráid ó cad a dhéanann siad, agus conas a sheineann siad, agus an slí a chuireann siad ceol le chéile – sílim go bhfuil a gceol dochreidte. Freisin, is iad an ceol a d’éistíomar le ag fásadh aníos. Nuair a thosaíomar ag scríobh, thugamar faoi dheara nach raibh an inspioráid ag teacht ón gceol a dtaitníonn linn mar daoine lánfhásta ceolmhar, ach an ceol a thaitin linn nuair a bhíomar ag fasadh aníos  – bannaí cosúil le Skunk Anasie, Rage Against The Machine – cloiseann tú iad inár gceol féin. Tá sé an-measctha, agus is sin an fáth gur glaoimid ‘agrosoul’ air. Tá meascann ann idir an ceol corraitheacha a d’fhás mé féin aníos ag éisteacht le, cosúil le Lauryn Hill – cé atá duine iontach cumhachtach agus dochreidte í féin – agus d’fhás na buachaillí aníos ag éisteacht le Radiohead agus Rage Against The Machine. Agus bhíomar ag fásadh aníos nuair a bhí an fuaim nua seo ag teacht ó Mheiriceá le bannaí cosúil le Hiatus Kaiyote – is as an Astráil iad ach bhí siad mar gcuid mhór den saol cheoil sin – agus bannaí ar nós Thundercat – sin na bannaí a thugann inspioráid dúinn.

 

Dá mbeifeá in ann obair le haon ceoltóir eile ar amhrán nó albam, cé a roghnófá agus cén fáth?

Sin ceist an-dheacair! Bhí mo bhrionglóid i gcónaí ná chun bhuaileadh le nó oibrigh le Erykadh Badu– is banríon í amach is amach domsa, agus d’fhás mé aníos ag éisteacht lena halbaim ar fad agus éistím lena cheol fós beagnach gach lá – agus óna bheith ag breathnú ar a hagallaimh, tá cuma uirthi gur duine iontach í agus ceoltóir dochreidte chomh maith. Go pearsanta, mar Jess Kav in ionad Barq, ba bhreá liom oibrigh le Erykadh Badu. Deirfinn go roghnódh ár gíotáraí Steve Thom Yorke [ó Radiohead], ach níl mé mórán cinnte cé a roghnódh an bheirt eile!

D’éisigh sibh bhur gcéad EP i mí Bealtaine i mbliana, agus is é ‘That Thing You Love’ an singil is déanaí ón EP sin – inis dúinn cad a spreag an t-amhrán seo.

Go bunúsach, is é abhár an t-amhrán ná le bheith beo san am i láthair agus féinmhuinín – an rud a bhí ar intinn againn leis na liricí ná go mbeadh amhrán cumasaithe é. Is amhrán é faoi a bheith ag creidiúint sna rudaí a mhaith leat a dhéanamh i do shaol, agus freisin tá sé faoi le bheith beo san am i láthair, agus meas a bheith agat ar cad atá ar siúl timpeall ort, agus ag fáil réidh leis an eagla agus an náire a cuireann bac orainn na rudaí a dtaitníonn linn á dhéanamh.

Sheinn sibh ag Knockanstockan an deireadh seachtaine seo caite – conas a bhí an gig?

Bhí sé ar fheabhas! Bhí an-craic againn – d’osclaíomar an príomh-ardán ar an Aoine agus bhíomar néirbhíseach toisc nach rabhamar cinnte go thiocfadh aon duine. Bíonn daoine fós ag teacht isteach ag an am sin agus ag cuir a bpubaill thuas agus pé rud eile. Ach ansin, díreach nuair a thosaíomar, tháinig go leor daoine timpeall na stáitse agus bhí am iontach againn. Bhí AE Mak ag seinm inár ndiaidh agus chuaigh siad i gcion go mór orainn, bhí siad den scoth. Tús iontach ab ea é don fhéile agus bhí am iontach againn!

Agus tá sibh ag seinm Indiependence an deireadh seachtaine seo – cad atá pleanáilte agaibh le haghaidh bhur seit ar an Satharn?

Beimid ag seinm an EP, tá an singil nua, Bare, againn – beidh an singil sin éisithe i gceann mhí, beidh sé an t-amhrán dheireanach ón EP sin. Cloisfidh sibh Bare go cinnte, agus cloisfidh sibh an EP – seans go cloisfidh sibh go leor tunes atá bríomhar agus i stíl R&B. Beidh go leor damhsa agus feicfidh sibh mise ag dul ar míre ar an ardán, beidh craic iontach ann!

Bhí mé i gcónaí gafa le Bell X1 – d’oibríodh mo mham i Whelan’s ar feadh tamaill, agus mar sin táim ag dul chuig gigeanna Bell X1 óna raibh mé i mo dhéagóir. Is liriceoirí iontach iad, agus táim ag tnúth go mór leo a fheiceáil. Is breá liom Bitch Falcon freisin, is breá liom Wyvern Lingo – táim an-cairdiúil le Wyvern Lingo, agus tá sé iontach i gcónaí iad a fheiceáil ag seinm beo. Bhí an deis agam iad a fheiceáil cúpla uair an samhradh seo, agus táim an-sasta leis sin! Tá go leor ceoltóirí aitiúil iontach [ag seinm Indiependence], agus táim ag siúl go mór leis na ceoltóirí mhóra, ar nós Bell X1, a fheiceáil chomh maith.

Agus cad iad bhur bpleananna don chuid eile de 2016?

Seans go mbeidh rud éigin i gceist againn a dhéanamh théis an éisiúnt de Bare, agus nuair atá an EP ar fad déanta againn – seans go dhéanfaimid imeacht beag chun é sin a chéiliúradh, ach níl aon rud greanta i gcloch go fóill. Ach na rudaí atá socraithe againn ná – beidh muid ag tacaíocht le Two Fools i gCill Cheannaigh ar an 5ú Lúnasa; beimid ag seinm ag Gigonometry ar an 11ú Lúnasa agus beidh muid ag tacaíocht le Rocstrong sa Grand Social ar an 12ú Lúnasa chomh maith. Agus i ndiaidh sin beimid ag dul ar ais sa stiúideó, ag taifead ár dara EP!

 

Lean BARQ ar…

Twitter www.twitter.com/BARQ_music

Facebook www.facebook.com/BARQmusic

 

Beidh Indiependence ar siúl ón 29ú – 31ú Iúil, ar an Deer Farm, Baile Mhistéala, Co. Corcaigh. Níos mó eolas: www.indiependencefestival.com