An Chraic

ailbhe-reddy

Ag Comhrá Le… Ailbhe Reddy

Amhránaí agus ceoltóir í Ailbhe Reddy, as Baile Átha Cliath. Scaoil sí a chéad EP, Dwell, i 2014 agus i mbliana, beidh sí ag scaoileadh a dara EP, Hollowed Out Sea.

Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag seinm ceoil, is ag scríobh do ceol féin?

Thosaigh mé ag seinm an ghíotáir nuair a bhí mé trí bliana déag d’aois. D’fhoghlaim mé cúpla clúdach, agus thosaigh mé ag scríobh mo chuid amhráin féin ar an toirt. Bhí siad an-shimplí, ach tús maith a bhí ann.

Cé a thugann inspioráid duit?

Agus mé ag fás aníos, tharraing mé inspioráid ón gceol a bhí mo mháthair agus mo siblíní ag éisteacht le, cosúil le Blur, Jeff Buckley, David Bowie, Bob Dylan, agus Elton John. Nuair a d’éirigh mé níos sine, thosaigh mé ag dul i dtreo eile agus ag déanamh mo chinntí féin. Faoi láthair, faighim go leor inspioráide ón méid atá ar siúl ag ceoltóirí Éireannacha nua, cosúil le Wyvern Lingo. Táim i gcónaí ag éisteacht le ceoltóirí difriúla, agus i láthair na huaire, is breá liom Rhye, Ane Brun, Little Green Cars, Villagers agus Bombay Bicycle Club.

Dá mbeadh deis agat obair a dhéanamh le haon duine, cé a roghnófá agus cén fáth?

Is breá liom a bheith ag comhoibriú le daoine eile. An chuid is mó den am, bím ag obair le daoine eile. Bhí mé ag obair leis an léiritheoir Darragh Nolan agus mo bhanna ar mo EP nua. Bím i gcónaí sásta comhoibriú a dhéanamh. Bíonn cuma níos fearr ar an gceol le níos mó guthanna ann.

Inis dúinn faoi do EP nua atá ag teacht i mí Bealtaine, Hollowed Out Sea.

Is é Hollowed Out Sea an dara EP atá agam. Scaoil mé mo chéad EP Dwell go neamhspleách i 2014. Bhí an-tionchar ag Hozier, Ane Brun agus Bombay Bicycle Club orm. B’shin iad na ceoltóirí a bhí mé ag éisteacht leo le ocht mhí déag anuas. Beidh sé amhrán ar an EP le Distrust san áireamh.

Céard é an ghig is fearr a rinne tú?

Bhain mé an-sult as a bheith ag seinm ag Other Voices i mí na Nollag. Bhí an teach tábhairne mé plódaithe le daoine agus cuireadh fáilte an-mhór romham. Rinne mé gig le Sofar Sounds freisin, chun céilirúradh a dhéanamh ar eisiúint Distrust an mhí seo caite. Ní raibh ach caoga duine ann, ach bhí sé go hálainn.

Cad iad na brionglóidí is mó atá agat mar cheoltóir?

Ba bhreá liom leanúint ar aghaidh ag cumadh ceoil, agus ag dul chun cinn mar cheoltóir. Ceapaim go bhfuil feabhas tagtha orm ó scoileadh mo chéad EP agus ba mhaith liom leanúint ar aghaidh ag feabhsú is ag forbairt mo fhuaim. Ba bhreá liom camchuairt a dhéanamh an bhliain seo chugainn, le go gcloisfeadh níos mó daoine mo cheol.

Cad iad na pleananna atá agat i mbliana?

Beidh mé ag seinm le bhanna ceoil iomlán ag an seoladh do mo EP ar 28 Bealtaine san Odessa, agus leanfaidh mé sin le seit ag na Ruby Sessions. Ansin, tá sé i gceist agam cúpla féile a dhéanamh i rith an tsamhraidh. Tá an gach eolas faoi na gigeanna ar fad ar fáil ar mo leathanach Facebook nó ar www.ailbhereddy.com

Lean Ailbhe Reddy ar…

Twitter @alvyred

Facebook www.facebook.com/areddymusic

www.ailbhereddy.com