An Chraic

Stiofan-O-Fearail-PS

60 Soicind le Stiofán Ó Fearail

ceoltóir le seo linn, múinteoir i gcoláiste lurgan agus múinteoir bunscoile

1.Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag canadh agus ag seinm an ghiotáir?
Thosaigh mé leis an gceachtar acu nuair a bhí mé seacht mbliana déag d’aois. Sa gcúig bhliain a bhí mé agus ag freastal ar Choláiste Lurgan mar chúntóir! Ba iad ‘Hero’ le Enrique Iglesias agus ‘Hurt’ le Johnny Cash an chéad dá amhrán a d’fhoghlaim mé – le cúnamh ó Chathal Ó Ruaidh!

2. Bíonn tú ag casadh leis an mbanna Seo Linn. Conas gur tháinig sibh le chéile mar bhanna?
Bhí muid ar fad ag freastal ar Choláiste Lurgan agus ag déanamh ceoil ann. Tharéis cúpla bliain thuig muid go raibh neart amhrán Gaeilge bailithe a’inn agus gurbh fhéidir linn iad a chasadh le chéile mar ghrúpa. Bheartaigh muid triail a bhaint as banna a chur le chéile a dhéanfadh gigeanna as Gaeilge do choláistí agus cibé dream eile a thabharfadh isteach muid!

3. Conas gur roghnaigh sibh ainm an bhanna?
Is liric é dár leagan Gaeilge ar ‘Some Nights’ le Fun. Tá sé gairid, éasca agus seintimint dheas í dár linn.

4. Cé hiad na ceoltóirí a thugann inspioráid duit?
Ceoltóirí ar nós Bob Marley, Ed Sheeran, Danny O’Reilly, Conor Quinn, Sting, Damien Rice, Jason Mraz, Paulo Nutini, Kris Kristofferson agus go leor eile… Brathann sé ar an am a chuireann tú an cheist!

5. Tá tú mar phríomh-amhránaí ar an traic Avicii Vs Lurgan – Wake me Up as Gaeilge. Tá os cionn 4.5m radharc ag an bhfíseán anois. Conas a mhothaíonn tú faoi sin?
Mothaím gur tharla rud speisialta don Ghaeilge leis an bhfíseán sin. Táim buíoch go raibh mé páirteach ann ar nós gach duine eile a bhí ann idir scoláirí,  ceoltóirí, múinteoirí, cúntóirí, ceamaradóirí agus tiomámaithe bus ach go háirithe!

6. Bíonn an-tóir i gcónaí ar na hamhráin a dhéanann Seo Linn agus TG Lurgan as Gaeilge. Cén fáth, meas tú?
Mar léiríonn siad gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge agus tá an meon sin i leith na teanga ag dul i gcoinne an tseanmheoin dhiúltaigh a cothaíodh ann sa nglúin a d’imigh thart. Tá daoine sásta go bhfuil teanga dhúchais na hÉireann ag dul i bhfeiliúnaí dóibh agus tá muide (agus neart grúpaí eile) sásta tógáil air sin!

7. Tá dhá amhrán Gaeilge numchumtha eisithe ag Seo Linn go dtí seo – Ar Scáth a Chéile agus D’Aon Ghuth Amháin. An bhfuil níos mó ceoil nuachumtha ar an mbealach?
I bhfad Éireann níos mó!

8. Cérbh í an ghig is fearr a rinne sibh?
Deacair cuimhniú ar cheann ar leith! Is maith liom i gcónaí na gigeanna a dhéanann muid ag an Oireachtas,  caithfidh mé a rá! Bhí iFest, Bostún speisialta freisin… agus dár ndóigh nuair a chas muid i Halla na Cathrach Londain dár nUachtarán le linn a chuairte stáit ar an Ríocht Aontaithe.. Neart ceann suimiúil le teacht freisin!

9. An ndearna tú dearmad ar na focail riamh agus tú ar an ardán?
Ó… rómhinic! Scaití bím buíoch nach mbíonn an oiread sin Gaeilge ag daoine!

10. Céard eile atá i ndán do Seo Linn i 2015?
Bliain speisialta a bheas ann agus go leor i ndán! Beidh oraibh súil a choinneáil orainn ar líne sna míonna amach romhainn! 

Agus go tapaidh…
Barrys nó Lyons? Lyons – Éasca.
Tayto nó Hunky Dorys? Mmm Hunky Dorys.
Friends nó Simpsons? Friends…. ach is breá liom The Simpsons freisin!
Ros Comáin nó Baile Átha Cliath? Ros Comáin…. maslach an cheist í, fiú! 😛 Roinn 1!!!
Game of Thrones nó Love/Hate? An-chionn a’am ar Love/Hate ach is é Game of Thrones an tsraith teilifíse ab ansa liom riamh! Níl a shárú ann!

 

Is féidir Seo Linn a leanúint ar:
Facebook facebook.com/SeoLinn
Twitter twitter.com/seolinn
Instagram instagram.com/seolinnstagram