An Chraic

Róisín-Ní-Chéileachair-as-Mona

60 Soicind Le… Róisín Ní Chéileachair

Is aisteoir í Róisín Ní Chéileachair as Contae Chiarraí. I láthair na huare, tá sí i bpáirt Mona sa dráma nua, EIPIC, ar TG4.

Cathain a thosaigh tú ag aisteoireacht?

Bhí mé ag aisteoireacht ó a bhí mé sa bhunscoil. Rinneamar dráma gach uile bliain agus chuamar ar fud na hÉireann le cuid acu. Bhuamar a lán duaiseanna agus táim ana bhuíoch go raibh an seans sin agam.

Cén aois a bhí agat nuair a bheartaigh tú gur mhaith leat a bheith i do aisteoir?

Ní raibh aon am ann nár theastaigh uaim aisteoireacht. Leanas orm ag aisteoireacht agus mé sa mheánscoil chomh maith le grúpa drámaíochta, darbh ainm dóibh Aisteoirí Bhréanainn, agus bhíos páirteach in Óclahóma sa cheathrú bliain sa mheánscoil chomh maith. Chuas ar aghaidh chun drámaíocht a dhéanamh sa choláiste fiú, má thugann sé sin aon tuairim duit!

Cé hiad na haisteoirí a thugann inspioráid duit?

Is dóigh liom go bhfuil Meryl Streep go hiontach ach níl puinn aisteoirí faoi leith a thaitníonn liom. Braitheann sé ar an scannán. Mar shampla, is dóigh liom gur scannán ana mhaith é ‘Legend’ chun aisteoireacht Tom Hardy a léiriú. Tá Leonardo DiCaprio go hiontach i formhór des na scannáin atá déanta aige, ach d’fhéachas ar ‘Aviator’ le déanaí agus cheap mé go raibh sé an mhaith.

Tá tú i bpáirt Mona ar an gclár, EIPIC. Inis dúinn faoi a ról sa chlár.

Tá ról difriúil ag Móna sa chlár i gcomparáid leis an chuid eile acu. Tá níos mó ná ról amháin aici, ach beidh oraibh féachaint air chun a thuilleadh a fháil amach mar gheall air sin! Is duine ana chiúin í agus níl sí muiníneach aisti féin ach is cara ana laoch í.

An bhfuil tú cosúil le do charactar? Cad is maith leat / nach maith leat fuithi?

Deireadh na haisteoirí eile liom go raibh cosúlachtaí eadrainn tois go bhfuil Móna saghas ait agus ciotach agus is dócha go mbíonn mise uaireanta mar sin chomh maith. I dtaobh a ciúnas agus a cúthaileacht, nílim mar sin ró-mhór a thuilleadh ach ní mór ná go rabhas díreach cosúil léi agus mé óg. Is breá liom a láidreacht agus a crógacht fiú ná taispeánann sí é an t-am ar fad. An rud ná taitníonn liom ná a ciúnas. Is dócha go gcuireann sé cúthaileacht m’óige i gcuimhne dom!

Cad iad na buaicphointí i do ghairm bheatha go dtí seo?

EIPIC gan dabht! Ní cheapas riamh go mbeadh rud mar seo déanta agam agus bhaineas ana thaitneamh ar fad as. Chomh maith leis sin, táim le fheiceáil i bhfíseán ceoil le Daithi Ó Drónaí. Sin iad an dá rud is mó gur buaicphointí iad. Chomh maith le a bheith sa choláiste!

Cad iad na brionglóidí is mó atá agat mar aisteoir?

An brionglóid is mó a bheadh agam is dócha ná a thuilleadh oibre a dhéanamh ós comhair ceamara. Bhreá liom scannán a dhéanamh nó rud éigin mór cosúil leis. Dá bhféadfainn aisteoireacht le taobh aisteoir cáiliúil bheadh mé ar mhuin na muice!

Cé hiad na ceoltóirí nó na mbanna ceoil a dtaitníonn leat is mó?

Níl éinne faoi leith a thaitníonn liom. Is féidir liom sásamh a bhaint as a lán saghas ceoil difriúla, ó Beyoncé go Dubstep go clasaiceach go house music. Táim ana ait. Faoi láthair is le meascán atáim ag éisteacht. Tá ceol ana dhifriúil sa Spáinn.

 

Féach ar EIPIC gach Déardaoin @ 10pm, ar TG4, nó ar an seinnteoir TG4 anseo: http://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=4731155215001