An Chraic

12803113_1012049025540131_7170486340672737425_n

60 Soicind Le… Niamh Crowther

Is ceoltóir agus amhránaí í Niamh Crowther, as Contae na Mí. Scaoil sí a céad EP, Niamh Crowther, le déanaí.

Cathain a thosaigh tú ag seinm ceoil, agus ag scríobh do chuid ceoil féin?

Thosaigh mé ag seinm an pianó nuair a bhí mé thart ar naoi mbliana d’aois. Thástáil mé leis an gceol, píosa beag. Ag an am chéanna, bhain mé an-taitneamh as rudaí mar an fhilíocht sa bhunscoil. Nuair a bhí mé thart ar dhá bhliain déag d’aois, uair amháin bhí mé ag pleidhcíocht ar an bpianó agus bhí an smaoineamh agam chun an dhá rud a chur le chéile agus sin é!

Cé hiad na ceoltóirí a thugann inspioráid duit?

Oh mo Dhia, tá liosta éigríochta ann! Ach b’fhéidir na phríomh-cheoltóirí a thugann inspioráid dom ná daoine mar Joni Mitchell, The Beatles, Fleetwood Mac, U2 agus ELO. Tá a lán eile freisin!

Céard é an ghig is fearr a rinne tú?

Bhí an t-ádh orm chun cúpla gig speisialta a sheinn le dhá bhliain anuas ach an ceann is fearr ná mo chéad gig mar príomh-ceoltóir thuas staighre i Whelan’s. Níor chreid mé go raibh an mhéid daoine ansin chun mé féin a chloisteál! Bhí sé dochreidte ag éisteacht le daoine ag canadh mo chuid amhráin féin ar ais dom.

Inis dúinn faoi do EP is déanaí, ‘Niamh Crowther’ – cá bhfuair tú an inspioráid don albam?

Táim ar bís faoi! Bhí cúpla amhráin bailithe le chéile agam a rinneamar mar shingil agus bheartaigh muid ar EP a chruthú leo. Tagann gach amhrán ar an EP ó am difriúil, mar sin sa chás seo, tagann an inspioráid don EP ó na hamhráin iad féin! Beidh sé ag teacht amach ar líne srl. go luath!

Cad iad na buaicphointí is mó i do ghairm go dtí seo?

Bhuel gan amhras, táim tar éis a bheith an t-ádhúil chun taithí agus deiseanna iontacha a bheith agam. Is iad na daoine agus na taithí na rudaí is fearr, dar liom. Bhí an t-ádh orm chun sheinn san Amharchlann Olympia le Richie Sambora, bhí sé sin dochreidte! Rudaí eile mar an chéad am a sheinneadh m’amhrán ar an raidió, mo chéad gig mar príomh-ceoltóir agus an tacaíocht a taispeáineann daoine dom le mo cheol. Éisteadh le ‘Little By Little’ thart ar 267, 000 uaireanta ar Spotify – sin craiceáilte! Táim an-bhuíochasach as gach rud!

Cad í an bhrionglóid is mó atá agat, mar ceoltóir?

An brionglóid is mó atá agam mar ceoltóir ná chun é a dhéanamh go lánaimseartha agus taisteal a dhéanamh le mo cheol. Ba mhaith liom an domhan a fheiceáil agus mo hamhráin a thógáil liom, tá saghas ‘wanderlust’ orm!

Cé hiad na ceoltóirí atá tú ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Bím ag éisteacht le rudaí difriúla an t-am ar fad ach faoi láthair na huaire na ceoltóirí is coitianta a bhíonn ar mo Spotify ná: Adele, The Gloaming, All Tvvins, Gavin James, Villagers, Tame Impala agus táim gafa le Graceland le Paul Simon freisin.

Cad atá tú ag tnúth go mór leis i mbliana?

Faoi láthair na huaire táim ag scríobh amhráin nua. Tá cúpla déanta agam agus táim ar bís chun iad a thaifead. Ba mhaith liom m’aire a dhíriú ar an bpróiseas sin le haghaidh tamaillín agus lé cúnamh Dé, cúpla gig eile freisin!

Lean Niamh ar Facebook anseo: facebook.com/NiamhCrowther agus ar Twitter @Niamh_Crowther. Eist léi ar Soundcloud anseo: soundcloud.com/niamh-crowther. Tá a EP le éisteacht ar iTunes agus Spotify freisin.