An Chraic

micheal_o_ciaraidh-Cropped1

60 Soicind Le… Micheál Ó Ciaraidh

Is láithreoir é Micheál Ó Ciaraidh, ar Cúla 4.

Cathain a thosaigh tú ag obair mar láithreoir?

Thosaigh mé ag obair mar láithreoir Cúla4 i mí Meán Fómhair 2014. Is deacair a chreidiúint go bhfuil beagnach dhá bhliain imithe faoin am seo! Nuair a bhí mé i mo pháiste, bhí dúil agam i trí rudaí: ceol, teilifís agus caithfidh mé a rá gur thaitin an craic ar scoil liom. Mar sin, nuair a bhí mé ag fás aníos bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith i mo mhúinteoir bunscoile. Bhain mé sin amach agus d’oibrigh mé mar mhúinteoir ar feadh cúpla bliain i bhFionn Ghlas i mBaile Átha Cliath. Thaitin an post sin go mór liom. Ach tar éis tamaill, shocraigh mé sos a thógáil ón bpost ar feadh píosa agus taisteal ar fud na cruinne. Fuair mé cead sos gairme a thógáil ón scoil agus bhí mé ag súil go mór le rud beag cóisireacht a dhéanamh! Ach ansin chuir TG4 preasráiteas amach ag míniú go raibh siad ar thóir láithreoir nua chun an leanúnachas idir na cláracha fá choinne daoine óga ar Cúla4 a chur i láthair. Chuir mo chara ar aghaidh chugam é agus chuir mé isteach air don chraic! Ní raibh mé ag súil go bhfaighinn an jab. Ach, tá mé lán sásta go bhfuair mar bhí dhá bhliain den scoth agam go dtí seo. Tá mé iontach buíoch faoi. Agus bíonn an cóisireacht go maith i nGaillimh chomh maith, mar sin ní féidir liom aon gearán a dhéanamh!

Cé a thugann inspioráid duit?

Ceann de na rudaí is fearr faoi a bheith ag obair i TG4, ná go bhfaighim deis obair a dhéanamh le na daoine gairmiúla uilig. Foghlaimím cuid mhór cleasanna ó bheith ag caint le agus ag breathnú ar láithreoirí mar Pháidí Ó Lionáird agus Eimear Ní Chonghaile. Agus ceapaim go bhfuil Aoife Ní Thuairisg thar barr uilig. Creidim gurb é Graham Norton an duine is fearr chun agallamh a chur ar dhaoine. Agus chas mé le Brian Dobson le déanaí agus thug sé comhairle iontach dom. Ach, ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar Jimmy Fallon (#laoch!).

Inis dúinn faoi do chlár, S.O.S. (Sos Ón Scoil).

Is seó-bóthar atá ann agus bhí an-chraic againn ag taifeadadh i rith an samhradh seo caite.  Gach seachtain, tugaimid cuairt ar scoil chun S.O.S. a thabhairt do na daltaí. Piocann cúigear daltaí, a bhíonn ina dtreoraithe, na nithe is ansa leo faoin scoil agus iad mo mhealladh isteach sna phoill agus sna prochóga is fearr! Bíonn dúshlán spraíúil idir ionadaí amháin ó fhoireann na múinteoirí agus ionadaí amháin ó dhaltaí na scoile.

Cad iad na buaicphointí i do ghairm bheatha go dtí seo?

Anuraidh, d’eagraigh Cúla4 (i gcuideachta Paramount Pictures) príomhthaispeántas i mBaile Átha Cliath den scannán ‘Spongebob Squarepants 2: Spúinse as Uisce’. Eisíodh i nGaeilge é ar fud na tíre ina dhiaidh sin. Níor tharla a leithéid in Éirinn riamh cheana agus mar sin bhí sé iontach a bheith páirteach san ócáid.

An bhfuil aon chomhairle agat do dhaoine ar mhaith leo a bheith ina gcraoltóirí?

Coinnigh súil amach ar na fógraí ar líne agus cuir isteach orthu. Creid ionat féin agus ní bheadh a fhios agat céard a tharlódh. Glac an seans!

Tá S.O.S le fheiceáil gach Luan ag 5.50pm ar Cúla 4, nó leis an seinnteor TG4 anseo: www.tg4.ie/ga/player/baile