An Chraic

Meabh-Ni-Chualain-PS

60 Soicind le Méabh Ní Chualáin

aisteoir agus múinteoir bunscoile

1. Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag aisteoireacht?
Sílim go mbím ag aisteoireacht chuile lá le mo chuid cairde, ag cur canúintí orm srl, mar sin tá sé deacair an cheist sin a fhreagairt! Thosaigh mé ag aisteoireacht ar stáitse nuair a bhí mé mar bhaill den Galway Youth Theatre i 2010. Tá sé cúig bliain ó shin ó ghlac mé páirt i mo chéad dráma “Yellow Moon”- cá ndeachaigh na blianta!

2. Cérbh é an chéad ról a fuair tú?
An chéad ról a fuair mé riamh- Silent Leila a bhí uirthi. Ceann de na príomh charachtar sa dráma “Yellow Moon”. Carachtar casta agus ciúin a bhí inti le scéal mór, an-spéisiúil dhom mar aisteoir. Thaitin an charachtar sin go mór liom- airím uaim í! Bhí páirt agam i “Corp agus Anam” i 2010- mo chéad ról a fuair mé don teilifís. Linda a bhí ar an carachtar agus páirt an-suimiúil a bhí ann le scéal trom, deis den scoth a bhí ann dhom mar aisteoir.

3. Cé hiad na haisteoirí a thugann inspioráid duit?
Bhí mise i gcónaí i ngrá le Kristen Stewart- fiú amháin go mbíonn daoine ag caitheamh anuas uirthi go minic. Sílim go bhfuil stíl deas nádúrtha aici ar an scáileán – rud nach bhfuil go hiomlán feiceálach i Twilight. Is maith liom gur gnáth-dhuine í, níl sí iontach ag caint leis na meáin ach is maith liom é sin. Feicim aisteoirí nua i gcónaí a thugann inspioráid dhom, chonaic mé Cillian Murphy i ndráma darbh ainm “Ballyturk” an samhraidh seo caite agus “Misterman” roinnt blianta roimhe sin. Bhí an oiread sin fuinneamh aige – bhí sé deacair mo chuid súile a bhaint dhó! Sin spreagadh d’aon aisteoir- agus is Éireannach é- níos fearr fós!

4. Inis dúinn faoi Rós na Rún. Conas go bhfuair tú ról ar an gclár?
Thosaigh mé ag obair ar Ros na Rún i 2011 tar éis dhom dhá éisteacht a dhéanamh. Is próiseas fada a bhí ann nuair a bhí mé ag freastal ar na héisteachtaí ach buíochas le Dia, d’éirigh liom an páirt a fháil. Bhí an t-adh orm mar thosaigh  Colm Ó Fatharta (Evanín) ag an am céanna liom agus thug sé go leor cúnamh dhom agus tugann fós. Tá sé éasca faitíos a bheith ort nuair a thosaíonn tú ar seó nua agus bhí sé go hálainn gur thosaigh muid ag an am céanna.

5. Niamh an t-ainm atá ar do charachtar ar an gclár. An bhfuil tú cosúil léi?
Sílim go bhfuil cosúlachtaí ann cinnte- tá mé in ann a bheith cúthaileach scaití- ach an oiread le Niamh.  Is breá le Niamh a bheith ag staidéar agus tá sí ag iarraidh a bheith ina dlíodóir. Is breá liom fhéin ceol agus ealaín agus níor thaitin an staidéar liom, mar sin níl mé cosúil léi ar an gcaoi sin ar chorr ar bith! Tá sé an-éasca Niamh a mhealladh, arís agus arís eile léiríonn a hiompar easpa cnámh droma, go háirithe  i mbliana le scéal na ndrugaí. Ní cheapfainn go bhfuil mise mar sin, deirfinn go bhfuilim beagáinín níos ciallmhaire agus níos láidre na Niamh ach tá mé níos sine ná í!

6. An mbíonn na laethanta fada ar an seit agus an taifead ar siúl?
Braitheann sé go huile is go hiomlán ar do scéal, bhí mise an-chruógach i mbliana mar sin bhí cuid de na laethanta an-fhada.  Is próiseas mall atá i gceist le taifead mar sin caithfidh tú foighid a bheith agat! Bíonn deis agat freisin aithne a chur ar na daoine mórthimpeall ort agus craic a bheith agat le na haisteoirí eile agus an criú. Bíonn deis agat freisin dul siar ar do chuid línte- rud atá riachtanach ar laethanta fada ar seit.

7. Ar tharla aon rud greannmhar nó náireach duit agus tú ar an seit ag taifead?
Caithfidh mé a rá go raibh an t-ádh orm go dtí seo, ach tá mé go dona scaití mar ní féidir liom stopadh ag gáirí. Bualann gáirí an óinseach mé agus bíonn sé cinnte orm é a stopadh!

8. An post dúshlánach é a bheith i d’aisteoir?
Tá sé in ann a bheith an-dhúshlánach mar phost. Cur i gcás má tá radharc agat in a bhfuil do charachtar trí na chéile, tá sé in ann a bheith deacair na mothúcháin sin a thabhairt chuig an dromchla , go háirithe nuair nach bhfuil go leor ama agat. Caithfidh tú an scéal a creidiúint go huile agus go hiomlán fiú amháin muna n-aontaíonn tú leis an rud atá ar siúl ag do charachtar- tá sé sin dúshlánach! Is breá liom na dúshláin áfach, gan iad ní bheadh mé ag foghlaim fúm fhéin mar aisteoir nó an carachtar.

9. An bhfuil aon chomhairle agat d’aisteoirí óga?
Caithfidh mé a rá gur chabhraigh Galway Youth Theatre liomsa go mór i m’óige- siadsan a mhuscail an ghrá don aisteoireacht ionam i ndáiríre. Má tá aon rud mar sin ar fáil i do cheantar gabh agus bí i do bhaill! Chomh maith le sin, bí ag breathnú ar scannáin éagsúla – ní sna pictiúrlann amháin atá na h-aisteoirí / léiriúcháin is suimiúla nó is cumhachtaí. Tá Ros na Rún ag cuartú aisteoirí faoi láthair chomh maith, téigh i dteagmháil leo! Seol do CV & pictiúir chuig; leiriuchain@rosnarun.com nó cur glaoch orthu ag 091-558400.

10. Dá ndéanfaí scannán ar do shaol, cé a ghlacadh ról Méabh?
Ó, ceist mhaith! Duine ard le Gaeilge! Goa!

Agus go tapaidh…
Tae nó caife? Tae
Twitter nó Instagram? Thosaigh mé ar Instagram le deireanaí agus is breá liom é!
An Eurofís nó Rós Thrá Lí? Is breá liom Ros Thrá Lí ach is cineál “uber fan” mé don Eurofís. Chuile bhliain bíonn mo chroí briste nuair nach n-éiríonn le hÉireann!  #euphoria
Nando’s nó Supermacs? Ní shé go n-ithim go leor de cheachtar acu ach Nandos!
Madraí nó cait? Madraí!