An Chraic

12813903_1010890525655981_5450109749291146244_n

60 Soicind Le… Lauren Ní Chasaide

Is ceoltóir agus amhránaí í Lauren Ní Chasaide, ó Bhaile Átha Cliath. Scaoil sí a céad singil, This In Time Will Pass, le déanaí, agus tá sí ag obair ar a céad albam faoi láthair.

Cathain a thosaigh tú ag seinm ceoil, agus ag scríobh do chuid ceoil féin?

Fuair mé giotár dom féin nuair a bhí mé sé bhliana déag d’aois. Thug mé an t-ainm ‘Susan’ air agus thosaigh mé ag scríobh m’amhráin féin ansin – le Susan.

Cé hiad na ceoltóirí agus banna ceoil a thugann inspioráid duit?

Bhí mé gafa leis an mbanna ceoil No Doubt is mé ag fás aníos. D’éistinn lena n-albaim an t-am ar fad agus d’fhoghlaim mé a gcuid amhrán uilig. Cúpla bliaina ó shin rinne mé físeán díom féin ag canadh leagan d’amhrán dá gcuid. Chonaic an giotáraí No Doubt é is roinn sé an físeán ar Twitter! Níor chreid mé go dtí sin go raibh mé go maith ach oiread, mar sin spreag sé sin go mór mé chun leanúint leis an gceol!

Inis dúinn faoi do shingil nua, This In Time Will Pass.

Is amhrán an-speisialta é domsa agus an t-airgead ar fad uaidh ag dul go ISPCC ChildLine. Scríobh mé é i rith ama ina raibh mé in ísle brí. Chuir mé na smaointe is na mothúcháin a bhí agam san amhrán ach, ait go leor, ní amhrán brónach atá ann ach oiread. Tharla gur rud deas sonasach a bhí ann sa dheireadh.

Tuigim gur ghlac tú páirt i ‘Choons for Childline’ i Whelan’s le déanaí – inis dúinn céard a bhí i gceist.

D’eagraigh mé an gig chun an singil a scaoileadh agus níos mó airgid a ardú do ChildLine. Oíche iontach a bhí ann le ceolteoirí den scoth ag seinm i mo theannta. Hvmmingbyrd, Colm Gavin, Aisling Jarvis agus Ailsha Davey a bhí ag seinm ag an ócáid.

Cad í an bhrionglóid is mó atá agat mar ceoltóir?

Ceol a chruthú ionas go bhfuil an seans ann gur féidir leis a bheith an-speisialta do dhuine, sa bhealach ina raibh ceol No Doubt chomh tábhachtach dom i gcónaí. Ba mhaith liom an inspioráid sin a thabhairt ar ais!

Cé hiad na ceoltóirí atá tú ag éisteacht leo ar na saolta seo?

Wallis Bird, CHVRCHES, Marika Hackman, Deathcab for Cutie agus No Doubt fós dar ndóigh!

Cad atá tú ag tnúth go mór leis i mbliana?

Tá cúrsaí corraitheach faoi láthair! Beidh mé ag seinm ag an ocáid Reic mar chuid den Five Lamps Festival ar 10ú Márta. Oíche dátheangach BYOB atá ann le dánta, rap agus ceol in Áras Scríobhneoirí na hÉireann. Ansin beidh mé ag seinm ar 29ú Márta sa Generator Hostel i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath. Tá mo chéad albam á taifead agam faoi láthair agus beidh sé sin ag teacht amach i mbliana agus táim ag súil le bheith ag seinm ag cúpla féile i rith an tsamhraidh!

Tá This In Time Will Pass le Lauren Ní Chasaide ar fháil ar iTunes agus Spotify. Tá ticéidí le fháil do Reic anseo freisin. Lean Lauren ar Facebook: facebook.com/LaurenNiChasaide agus Twitter @LaurenNiChasaid.