An Chraic

amy mccolgan green leafy gael 1

60 Soicind Le… Green Leafy Gael

Is blagálaí agus YouTuber í Amy McColgan. Scríobhann sí an bhlag Green Leafy Gael, agus eisíonn sí fiseáin ar a cainéal YouTube. Is veigeán í freisin.

Cathain a thosaigh tú do bhlag agus do chainéal YouTube?

Thosaigh mé iad an bhliain seo caite, i rith an tsamhraidh.

Cé hiad na YouTubers nó na daoine a thugann inspioráid duit?

Leanaim thart fá 200 YouTubers, mar sin tá sé deacair go leor ceann amháin acu a roghnú! Ach déarfainn b’fhéidir na cainéil is fearr liom nó nutritionfacts.org, BiteSize Vegan, Freelee the Banana Girl, ThinkAboutThis, The Vegan Couple, Veg Source, Bonny Rebecca, Banana TV…..ah níl a fhios agam, tá barraíocht dóibh…níl ansin ach blaiseadh!

Cathain a bheartaigh tú gur mhaith leat a bheith i do veigeán?

Feabhra 2013 ach ní raibh mé i mo veigeán ceart go dtí b’fhéidir Feabhra/Márta 2014.

Cad iad na buaicphointí i do taithí mar blagálaí nó YouTuber go dtí seo?

Ag cloisteáil ó dhaoine go bhfuil siad ag ithe níos lú feola nó gur fhoglaim siad rud éigin ó mo chuid blagmhíreanna nó mo chuid físean.

Cad iad na brandaí smideadh nó faisean is fearr leat, atá veigeáin?

Maidir le smideadh, is maith liom Lush, Urban Decay (ach caithfidh tú seiceáil ar dtús cad atá veigeán – ach tá an chuid is mó dó), Anneco (comhlacht Éireannach), agus Lily Lolo. Níl iontu sin ach na brandaí atá á úsáid agam faoi láthair ach tá réimse Kat Von D agus NYX veigéan chomh maith agus ba bhreá liom iad a thriail nuair atá an t-airgead agam (níl go bhfuil siad costasaí ach tá m’airgead gann go leor!)

Maidir le h-éadaí, níl sé deacair éadaí a fháil atá veigeán..níl i gceist ach súil a chaitheamh ar na lipéid. Tá na milliúin comhlachtaí amach ansin má dhéanann tú cuardach ar Google.

An bhfuil aon chefanna nó blagálaí-bia éigin a leanann tú go minic?

Ahhhh níl go leor… Má thagann smaoineamh chugam déanaim cuardach ar Google de na comhabhair a bhí i gceist agam agus tógaim inspioráid ó pé oideas a dtaitníonn liom! Ach tá lear mhór blagálaí Éireannaigh atá ar dóigh cosúil le “I’m a Little Vegan”, Oh Happy Veggie, The Happy Pear, srl. Is breá liom The Happy Pear – rinne mé dearmad dóibh!

Cad é d’oideas is fearr?

Achan cheann! Is annamh nach maith liom rud atá mé ag ithe…..is breá liom mo smoothies i rith an tsamhraidh…go háirithe na cinn le seacláid agus sméaraí!

An bhfuil aon chomhairle agat d’aon duine a mhaith leo an saol veigeáin a leanúint?

Déan é! Is é an rud is tabhachtaí a thiocfadh leat a dhéanamh do do chorp agus do shláinte, do na hainmhíthe agus don domhain ar a bhfuil muid inár gcónaí. Tá sé i bhfad níos fusa ná mar a shílfeá. Níl ann ach athrú meoin. Lean daoine ar Youtube chun inspioráid a fháil agus déan taighde ar na fíricí. Féach ar na scannáin seo: Forks Over Knives, Cowspiracy, Earthlings, Food Matters, Unity.

Léigh bhlag Amy ag greenleafygael.com, agus féach ar a cuid fiseáin anseo ( https://www.youtube.com/user/all2sp ). Tá Amy a leanúint ar Twitter ag @GreenLeafyGael freisin.