An Chraic

Fionnuala-Gygax-as-Bea-2

60 Soicind Le… Fionnuala Gygax

Is aisteoir agus scríbhneoir drámaíochta í Fionnuala Gygax. Tá sí i bpáirt Bea sa dráma nua EIPIC, ar TG4.

Cathain a thosaigh tú ag aisteoireacht?

Is dócha go raibh mé i gcónaí ag aisteoireacht ar bhealach amháin nó bealach eile. Is cuimhin liom a bheith ag cuma drámaí agus charactar agus mé an-óg, cúig nó sé bliana d’aois. Thosaigh mé i ngrúpa beag drámaíochta i mo bhaile nuair a raibh mé naoi bliana d’aois ach bhí mé fíor-cúthaileach. Agus mé i mo dhéagóir, thosaigh mé á thógáil an-dairíre agus lean mé leis sa choláiste ansin.

Cén aois a bhí agat nuair a bheartaigh tú gur mhaith leat a bheith i do aisteoir proifisiúnta?

Bhí mé naoi bliana d’aois nuair a bheartaigh mé é. Is cuimhin liom chomh soiléir sin é, ag seasamh i bpasáiste taobh amuigh de sheomra ranga Rang a 3. Luaigh múinteoir liom é, thit an phingin dom agus níor athraigh mé m’intinn faoi ariamh.

Cé hiad na aisteoirí a thugann inspioráid duit?

Meryl Streep, Olwen Foúrée, Marion Cotillard, Cillian Murphy, Pat Kinevane, Robin Williams… Leanann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh. Tugann aisteoirí atá cruthaíoch, a thógann rioscaí agus atá ábalta a bheith leochaileach agus ionrach inspioráid dom.

Inis dúinn faoin ról atá ag do charactar, Bea, sa chlár EIPIC.

Is charactar dána, muiníneach, neamhsplách, neamhbhlabh í Bea. Is sí mar an t-amhránaí sa bhanna ceol sa chlár agus tá sí lán de thuairimí, fuinneamh agus brionglóidí móra. Is cuma léi cad a cheapann éinne fuithi mar tá a fhios aici cad atá uaithi sa saol. Faoin imeachtar sin, tá croí mór aici agus leochaileacht ag baint léi freisin. Is charactar níos coimpléasach í ná mar a cheapann daoine ag an tús agus measaim go bhfuil sé sin fíor-suimiúl.

An bhfuil tú cosúil le Bea? Cad is maith / nach maith leat fuithi?

Nílim ró-chosúil léi in aon chor, rud atá iontach spraíúil mar aisteoir. Tá stíl iomlán difriúl againn agus bíonn muid ag cumarsáid le daoine ar bhealach iomlán difriúl chomh maith. É sin ráite, tríd na  seachtaine i Woodford agus muid ag taifead, d’aimsigh mé níos mó cosúileachtaí eadrainn agus thuig mé níos mó cén fáth go bhfuair mé an páirt. Tá fuinneamh cineál cosúil ag an mbeirt againn agus tá an-bhá agam lena neamhspleáchas agus uaillmhian. Measaim go bhfuil Bea fíor-chróga sa slí gur cuma léi cad a cheapann daoine fuithi agus í compórdach inti féin pé rud is mian léi a dhéanamh a dhéanamh. Is breá liom freisin an slí nach mbíonn a fhios agat cad atá sí chun a dhéanamh ó nóiméad amháin chuig nóiméad eile – cuireann sí iontas ort i gcónaí. Is dócha nach maith liom an slí is féidir léi a bheith gráinne chuig daoine lena gcuid tuairimí. Tá sé iontach mar aisteoir an saghas script sin a fháil ach is dócha go mbeadh sé sách deacair a bheith mar chara maith ag Bea dá mbeadh tú in aon slí neamh-chinnte fút féin mar dhuine.

An fearr leat a bheith ag obair ar seit teilifíse, nó ag glacadh páirt i ndráma ar an stáitse?

Tá taithí agus tuiscint níos fearr agam ar an stáitse ach thaitin sé liom an oiread sin a bheith ar seit teilifíse. Is meáin iomlán nua, sceitimíneach a bhí ann dom agus mar aisteoir bíonn próiséis iomlán difriúl i gceist freisin. Ba bhreá liom leanacht leis an obair stáitse cinnte, ach ba bhreá liom níos mó obair teilifíse a dhéanamh faoi láthair na huaire.

Cad iad na buaicphointí i do ghairm bheatha go dtí seo?

Bhí Eipic mar an buaicphointe is mó gan dabht ar bith. Táim fíor-bhuíoch a bheith bainteach le tógra chomh úr, speisialta leis. Roimh an Nollaig, fuair mé  ‘Emerging Artist’ cónaitheacht le Druid Theatre Company, chun oibrigh ar script a scríobh mé agus roinnt den obair sin a chur i láthair sa Mick Lally Theatre agus bhí sé sin fíor speisialta dom freisin.

An fearr leat a bheith ag scríobh drámaíochta nó a bheith ag aisteoireacht?

Is fearr liom bheith ag aisteoireacht cinnte ach tá an scríbhneóireacht fíor-thabhachtach dom freisin, ach go háirithe nuair nach bhfuilim ag aisteoireacht. Líonann sé an poll cruthaíoch sin. Domsa, téann an scríobh agus an aisteoireacht lámh i lámh ar bhealach mar go mbíonn ort tú féin a chur i mbrógaí duine éigin eile agus saol an duine sin a shamhlú. Tugann an scríobhnóireacht cumhacht agus neamhspláchas duit mar aisteoir do chuid obair féin a chruthú.

Cad iad na brionglóidí is mó atá agat mar aisteoir?

An brionglóid is mó atá agam ná obair go leanúnach ar thógraí suimiúla, cruthaíoch agus tábhachtach ar stáitse agus ar scáileáin. Ba bhreá liom an deis taistil le mo chuid oibre agus tógraí a dhéanamh i dtíortha eile. Níl scannáin déanta agam ariamh agus ba bhreá liom deis é sin a dhéanamh. Tá roinnt comhlachtaí amharclannaíocht anseo in Éire gur breá liom a oibrigh leis freisin. Tá sé tábhachtach dom leanúint orm ag cruthú mo chuid saothar féin chomh maith.

Cé hiad na ceoltóirí nó na mbanna ceoil a dtaitníonn leat is mó?

Taithníonn meascáin mór de cheol liom. Faoi láthair táim ag éisteacht le PJ Harvey, Velvet Underground, Amy Winehouse agus Beyoncé. Freisin tá mé ag éisteacht leis na seinnliosta ó Eipic atá curtha ar Spotify mar tá réimse iontach de cheoltóirí agus bannaí orthu (Arcade Fire, HamsandwicH, Nicki Minaj, Pixies, Santigold, The Beatles etc) – is fiú go mór éisteacht leo!

https://play.spotify.com/user/eipictv/playlist/3ylLw09dStj4kOskKKL15r?play=true&utm_source=open.spotify.com&utm_medium=open

 

Féach ar EIPIC gach Déardaoin ar TG4 @ 10pm, nó arlíne leis an seinnteoir TG4 anseo: http://www.tg4.ie/en/programmes/eipic/home/