An Chraic

924_MyCustom

60 Soicind Le… Fionn Foley

Is aisteoir agus ceoltóir é Fionn Foley. I láthair na huaire, tá sé i bpáirt Sully, sa dráma nua EIPIC ar TG4.

Cathain a thosaigh tú ag aisteoireacht?

Bhíos i gconaí ag déanamh ranganna dramaíocht éagsúla agus mé sa bhunscoil. Bhí suim mór agam sa scannánaíocht agus bhíos ag iarraidh a bheith i mo stúirtheoir nuair a bhí mé óg. Is dócha go raibh mé 16 nó 17 nuair a raibh mé cinnte faoi aisteoiracht mar réim.

Cé hiad na haisteoirí a thugann inspioráid duit?

Tugann aisteoirí atá in ann a obair fhéin a chruthú go leor inspioráid agus creideamh dom. Chomh maith le sin, táim an-tógtha le Cillian Murphy, Charlie Chaplin, Paul Dano, Madeline Kahn agus Dustin Hoffman.

Tá tú i bpáirt Sully, i EIPIC. Inis dúinn faoin a ról sa chlár.

Is ceannaire ceanndána é. Tá sé paiseanta agus cruthíoch ach mothaíonn sé go hiomlán faoi ghruaim ina cheantar dúchais. Ní réitíonn sé go maith le daoine toisc go bhfuil sé i gconaí faoi scáth a dheartharacha agus de bharr níl sé ró-coitianta le gach éinne.

An bhfuil tú cosúil le do charactar? Cad is maith / nach maith leat faoi Sully?

Táim, ar lámh amháin. Tá cúpla cosúlachtaí eadrainn – táimse go hiomlán tógtha leis an ceoil agus táim paiseanta faoi chomh maith. Is maith liom cé chomh díograiseach is atá sé. Ach tá sé leithleasach freisin agus tá an-ghráin agam ar sin.

An fearr leat a bheith ag obair ar seit teilifíse, nó ag glacadh páirt i ndráma ar an stáitse?

Is aoibheann liom na dhá cinn, gan dabht. Tá draíocht go hiomlán difrúil ag baint leo. Bímse ag déanamh go leor obair ar an stáitse, mar sin ba bhreá liom níos mó a dhéanamh ar an scáileán. Cuireann teilifís eírí chroí ionam.

Cad iad na buaicphointí i do ghairm bheatha go dtí seo?

Táim an-bhródúil as EIPIC agus an chlár atá déanta againn, ach tá an t-ádh orm – ghlac mé páirt i go léor rudaí dochreidte.

Is ceoltóir tú freisin – dá mbeadh ort rogha a dhéanamh, céard a roghnófá – ceol nó aisteoireacht?

Aisteoireacht, cinnte. Is aisteoir mé roimh aon rud eile. Ach bhéinnse caillte gan an ceol freisin. Is fearr liom nuair a thagann tionscnamh mar EIPIC thart, toisc go bhfuil baint mór ag an ceol agus an drama.

An raibh tú i mbanna ceoil riamh, agus an scríobhann tú ceol go minic?

Bhí agus tá. Bhí mé i mbanna ó a bhíos dhá bhliana déag d’aois. Anois bímse ag scríobh ceol don stáitse go minic. Tá dhá ceoldráma scríobhte agam agus ba bhréa liom níos mó obair mar sin a dhéanamh.

Cad í an brionglóidí is mó atá agat mar aisteoir?

Príomh-stáitse, Amharchlann na Mainistreach. Lá amháin!

Cé hiad na ceoltóirí nó na bannaí ceoil thaitníonn leat?

Na Beatles, Pixies, Frank Zappa, Nick Cave & the Bad Seeds, Republic of Loose. Faoi láthair, táim ag tnúth go mór leis an albam nua ó Little Green Cars agus chuaigh mé ar Igor Stravinsky ‘binge’ an tseachtain seo chaite. Ó, agus Kíla chomh maith.

Féach ar EIPIC gach Déardaoin ar TG4, nó leis an seinnteoir TG4 anseo: www.tg4.ie/ga/clair/eipic/baile