An Chraic

evebelle

60 Soicind Le… Eve Belle

Is ceoltóir agus amhránaí í Eve Belle, as Contae Dún na nGall. Scaoil sí a céad EP, Sonder, i mí an Mhárta anuraidh, agus tá sí sínithe leis an lipéad ceol, LAB Records.

Cathain a thosaigh tú ag seinm an gíotar, agus ag scríobh do chuid ceol féin?

Bhuel, fuair mé mo chead giotár don Nollag nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Ní raibh barúil faoin spéir agam cad é a raibh mé ag déanamh leis, ní raibh múinteoir agam ná rud ar bith mar sin. An lá a fuair mé é, bhí orm m’uncail a glao teileafóin a thabhairt do m’uncail, ag cuir ceist air conas an ghíotar a chur i dtiúin. (Rinne mé praiseach de!) Ach coinnigh mé leis, agus beagán ar bheagán, d’éirigh mé níos fearr. Bhí sé i gcónaí ar intinn agam a bheith i mo cheoltóir, as a bhí mé iontach óg, ach thosaigh mé ag glacaint go thromchúiseach é nuair a bhí mé thart fa ceithre bliana déag d’aois, an aois a thosaigh mé ag scríobh mo chuid cheoil féin. Bhí an t-ádh agam a bheith páirteach i ghrúpa sa Loft i Leitir Cheannain a chur spéis ar cheoil. Thug sé sin an féin-mhuinín a lean ar aghaidh leis agus mo cheol a chur chun-cinn.

Cé hiad na ceoltóirí agus na daoine a thugann inspioráid duit?

Tá chuid mór laochra ceoil agam; Conor Oberst, Keaton Henson, Tom Waits, Bob Dylan, Elliott Smith, Gemma Hayes, Lana Del Rey agus Birdy. Fósta, tá cuid mó ceoltóirí sa tír seo a bhfuil iontach inspóireadach chomh maith; cosúil le Mick Flannery, Elly O’Keefe. Tá liricí agus glórtha s’acu go h-álainn. Cheoilteoirí iontach éirimiúil iad chomh maith. Bhí seans agam tacaíocht a thabhairt do Elly síos i nGaillimh agus do Mick i Leitir Cheannain, agus nuair a bhí mé ag caint leo, thug mé faoi deara cé chomh speisialta is a bhí siad, mar cheoltóirí agus mar daoine. Ag féachaint cé chomh ionraice agus éasca is a bhí siad,bhí mé spréagtha a bheith níos fíor dom féin sa todhchaí.

Cad í an ghig is fearr a rinne tú?

Bainim sult as chor a bheith chuile gig a sheinim, ach tá ceann amháin ag seasamh amach dom agus sin The Ruby Sessions, i mí na Shamhna. Bhí rud in teacht san atmaisféar a rinne an tráthnóna fíor-speisialita, bhí lucht féachanna aireach ann. Sílim go bhain an lucht féachanna taitneamh as mo chuid cheol, ag nuair a thosaíonn siad ag bualadh bos agus ag scairt, is leictreach an mothú sin. 

Inis dúinn faoi do EP Sonder – cár bhfuair tú an inspioráid don albam?

Bhí pleann ann, tráth, EP a dhéanamh ach bhí sé i gcónaí curtha ar ceall. I deireadh na dála, thóg mé isteach i mo lámha féin é, agus fuair mé Sonder taiféadtha, le mo chara Aisling Jarvis. Ma éistíonn tú leis, is léir go luath go bhfuil sé faoi grá agus briseadh croí agus cúrsaí mar sin. Nuair atá tú i do dhéagóir, is cinnte go bhfuil na mothúcháin sin iontach láidir, agus shílim féin go dhéanann na mothúcháin is láidre na amhráin is fearr.

Cad í an bhrionglóid is mó atá agat mar cheoltóir?

Ba bhreá liom an cheol a bheith agam mar saol, ba mhaith liom a bheith báite sa cheoil, i ndairíre. Ma bhfuil ceol agam, ar aon nós, béidh mé breá sásta. Ma bhfuil mé sláintiúil, ceolmhar agus sásta, sin go leor domsa. Ba mhaith liom cothromaíocht a fáil idir mo shaol príobháideach agus mo chursaí cheoil. Agus ma bhfuil aon sort ardán agam mar cheoltóir, ba mhaith liom a bheith abálta sin a roinneadh le cheoltóirí a bhfuil ach ag tosaint amach. Tá cuid mór meas agam do Moya Ní Bhraonáin as Clannad, eagraíonn sí gig chuile mí i Tabhairne Leo darbh ainm Clubeo a tugann seans agus stáitse do cheoltóirí áitiúil. Gan Clubeo, ní bhéadh na cheoltóirí óga sa cheantar abálta an taithí a bhailiú. Ba mhaith liom a bheith abálta rud mar sin a déanamh sa todhchaí.

Cad b’fhearr leat – a bheith ag scríobh agus ag taifeadadh sa stiúideo, nó a bheith ag seinm beo?

Tá rudaí dearfach agus diúltach faoin bheirt, ach caithfidh mé a rá gur taitníonn ag seinm beo liom níos mó. Tá sé níos orgánach, agus bím ar tineall agus mé ag seinm beo. Sin ráite,  is aoibhinn liom a bheith sa stiudió chomh maith. Tugann an stiúdió seans dom baint triail as cuid mór treoracha nua le mo cheol, bainim an sult as.

Cad atá tú ag tnúth go mór leis i mbliana?

Bhuel, tá mé ag dul isteach sa chéad bliain in Ollscoil na Tríonaide sa fomhair, agus tá mé ag tnúth go mór leis a bheith suite sa chathair agus ag seinm ann (mas féidir liom!) Tá mé ag scríobh go neamhstadach, agus tá cúpla gigeanna ag teacht sa todhchaí.

Cé hiad na ceoltóirí atá tú ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Is aoibhinn liom ceol atmaisféarach le déanaí, is aoibhinn liom M83, The Temper Trap, The Naked And Famous,  Metric, Muse agus Alt-J. Chomh maith is maith liom The Killers, Radiohead, Bright Eyes, Lana Del Rey, Lorde, Tom Odell agus Chet Faker.

 

Is féidir le Eve Belle a leanúint ar…

Facebook: https://www.facebook.com/EveBelle/

Twitter: @EveBelleSongs

Agus éist léi ar Soundcloud anseo: https://soundcloud.com/eve-murtagh