An Chraic

Eipic-6-Aodh dara o muirí

60 Soicind Le… Daire Ó Muirí

Is aisteoir é Daire Ó Muirí. Tá sé i bpáirt Aodh sa dráma nua EIPIC ar TG4.

Cathain a thosaigh tú ag aisteoireacht?

Is dócha gurb é an chéad uair a sheas mé ar an stáitse ná nuair a rinne mé campa samhradh san amharchlann áitiúil nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Rinneamar skit den “Late Late Show” agus bhí mé mar Ryan Tubridy! Is ón noiméad sin a thit mé i ngrá leis an aisteoireacht.

Cé hiad na aisteoirí a thugann inspioráid duit?

Faighim inspioráid ó go leor aisteoirí, go háirithe aisteoirí a fheicim ar an stáitse. Ach is dóigh liom dá mbeadh orm ceann amháin a phiocadh, piocfainn Leonardo Di Caprio. Is aoibhinn liom a stíl agus an méid fuinneamh a cuireann sé isteach ina gcarachtair.

Tá tú i bpáirt Aodh ar an gclár, EIPIC. Inis dúinn faoina ról sa chlár.

Is é Aodh an drumadóir sa bhanna. Faigheann sé an cistiú don mbanna nuair a deireann sé lena áthair go bhfuil siad ag scríobh ceoldrama ag comóradh Eoghan De Barra. Is é an duine is saontach den chúigear mar ní raibh saol sóisialta aige riamh. Mar sin, taispáineann siad dó conas a bheith mar dhéagóir i 2016. Chomh maith leis sin, cuireann sé a áilleacht os chomhar an lucht fhéachanna agus thiteann siad go léir i ngrá leis…

An bhfuil tú cosúil le do charactar? Cad is maith leat / nach mhaith leat faoi Aodh?

Sílim go bhfuil tréithe Aodh le fhéicáil i mo phearsanta féin. Tá an fuinneamh céanna againn. Is aoibhinn liom gach rud faoi Aodh, bhain mé an sult as an charactar a léiriú.

Cad b’fhearr leat – a bheith ag obair ar seit teilifíse, nó ag glacadh páirt i dráma ar an stáitse?

Sin céist a cuireadh orm go minic ó chríochnaíomar EIPIC. Níl mé in ann ceann a roghnú. Tá siad chomh difriúl agus is aoibhinn liom an dá cheann do chúiseanna difriúla.

Cad a bhí na buaicphointí is mó a bhí agat, nuair a raibh sibh ag déanamh an scannánaíocht do EIPIC?

An rud ar fad. Thaitin gach uile lá d’EIPIC liom ó mo chéad éisteacht. Ní raibh droch-lá agam ar chor ar bith agus bhí sé mar cheann de na rudaí is fearr a rinne mé i mo shaol go dtí seo.

Cé hiad na ceoltóirí nó na bannaí ceoil a dtaitníonn leat is mó? Cé atá tú ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Athríonn sé gach cúpla lá. Ní maith liom a bheith ag éisteacht leis an mbanna nó ceoltóir céanna le haghaidh an iomarca ama. Seachtain amháin bheadh sé mar ‘singer/song-writer’ saghas stiúf agus an seachtain ina dhiaidh, bheadh sé ‘death metal’ nó rud éigin!
Féach ar EIPIC gach Déardaoin @ 10pm, ar TG4, nó arlíne leis an seinnteoir TG4 anseo: www.tg4.ie/ga/clair/eipic/baile