An Chraic

Pic-Colm-Ó-Fatharta-cropped

60 Soicind Le… Colm Ó Fatharta

Aisteor é Colm Ó Fatharta, atá i bpáirt Evan ar an gclár dráma Ros na Rún ar TG4.

Cathain a thosaigh tú ag aisteoireacht?

Thosaigh mé ag aisteoireacht nuair bhí mé sa bhunscoil. Bhí mé deich mbliana d’aois. Bhíodh mé ag glacadh páirte i ndrámaí agus agallamh beirte sa scoil. Thaitin sé go mór liom. Bheartaigh mé a bheith i mo aisteoir nuair bhí mé thart ar seacht mbliana déag d’aois. Bheinn ag iarraidh dul ag an bpictúirlann i gcónaí mar bhí an oiread suime agam i scannánaíocht agus aisteoireacht.

Cé hiad na haisteoirí a thugann inspioráid duit?

Is maith liom Matt Damon mar aisteoir. Thosaigh sé amach le tada agus d’oibrigh sé go crua. Roghnaíonn sé páirteanna maith agus déanann sé sar-jab i gcónaí. Chomh maith leis sin, is maith liom Jack Reynor. Is Eireannach é agus is aisteoir óg é freisin.  Bhi sé sna scannáin What Richard Did agus Transformers. Is breá liom aisteoirí óg as Éireann a fheiceáil ag obair i Hollywood.

Cérbh é an chéad ról a fuair tú?

Bhí mé seacht mbliana déag d’aois ag an am. Fuair mé páirt beag sa sraith Siol. Bhí mé ar seit le ceithre uair a chlog agus thit me i ngrá leis an ceird. Tá “adrenaline rush” ag baint le aisteoireacht nuair a dheirtear “ACTION!”.

Cathain a thosaigh tú ag obair ar Ros na Rún, agus conas go bhfuair tú ról ar an gchlár?

Fuair mé páirt Evan nuair a bhí mé ocht mbliana deag d’aois. Bhí mé ag déanamh dráma sa Seanscoil Sailearna i Indreabhan. Bhi Joe Steve Ó Neachtain sa lucht féachana. Tar éis an dráma, dúirt sé liom ba cheart dom éisteacht a dhéanamh le Ros na Rún. Chuir me glaoch orthu agus tar éis trí éisteacht fuair mé an páirt.

An bhful tú cosúil le do charactar ar an gclár, Evan?

Níl mórán cosúlachtaí idir muid ach amháin tá an bheirt againn an-ceanndána. Tá muid an-difriúil óna chéile, ceapaim fhéin. Bíonn Evan ite leis an gcantal go minic mar bíonn sé craite ag Berni. Nílim féin chomh cantalach mar sin. Bhuel, níl i gcónaí.

Cad iad na buaicphointí i do ghairme le Ros na Rún go dtí seo?

Tá go leor agam. Bhí scéal maith agam anuraidh nuair a mhairigh Evan, Cathal. Scéal an-mhaith a bhí ann. Bhí sé scríofá go maith agus bhí léiritheoir den scoth againn (Louise Ní Fhiannachta). Thóg sé coicise orainn é a thaifead. Bhí sé dúshlánach ach caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as chuile nóiméad dhó.

An bhfuil aon chomhairle agat d’aisteoirí óga?

Is slí beatha an-dheacair é an aisteoireacht. Scaití, bíonn duine díomhaoinach. Mar sin, molaim go chuile dhuine Plean B a bheith acu. Chuir mo chuid tuismitheoirí iachall orm céim a bhaint amach sa gcoláiste. Beidh sé agam i gcónaí agus tugann sé suaimhneas intinn dom go bhfuil rud eicint agam le titim siar air mura n-oibríonn an aisteoireacht amach.

Tá Ros na Rún le fheiceáil gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm ar TG4, nó ar an seinnteoir TG4.