An Chraic

Cian OBaoill as Oisn  Daire  Muir as Aodh

60 Soicind Le… Cian O’Baoill

Is aisteoir é Cian O’Baoill. I láthair na huaire, tá sé i bpáirt Oisín sa dráma nua EIPIC ar TG4.

Cathain a thosaigh tú ag aisteoireacht?

Bhí mé saghas óg nuair a thosaigh mé ag aisteoireacht. Nuair a bhí mé sa bhunscoile, bhí ceolraí ar súil gach dara bliain. Ghlach mé páirt i cuplá cinn cosúil le Oliver!, agus bhí mé i bpáirt Fagen. Ina theannta sin, rinne mé Backstage ar feadh cúpla bliana; tá an-suim agam san aisteoireacht.

Cén aois a bhí agat nuair a bheartaigh tú gur mhaith leat a bheith i do aisteoir proifisiúnta?

Is dóigh liom go raibh mé timpeall ocht mbliana déag d’aois. Tár eis an mheanscoil, ní raibh mé ag iarraidh aon rud eile a dhéanamh sa choláiste seachas drámaíocht. Bhí sé i gceist agam dlí a dhéanamh ach d’imigh an smaointe sin go tapaigh! Tar éis sin, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh a bheith i mo aisteoir proifisiúnta.

Cé hiad na aisteoirí a thugann inspioráid duit?

Mar páiste, thaitin Jim Carrey go mór liom. Ceapaim gur aisteoir iontach é agus é chomh greannmhar. Dúradh liom go bhfuil mé cosúil leo, go háirithe le roinnt de mo gothaí gnúise. Leis sin, tá an-meas agam ar Colin Farrell; tá obair iontach déanta aige i mo thuairim. Ach anois, is é Tom Hardy an aisteoir is fearr liom. Tá réimse an-mhaith aige agus tarraingím a lán inspioráid uaidh.

Inis dúinn faoi do ról mar Oisín, i EIPIC.

Is ‘messer’ é Oisín go hairithe. Tá se cloíte leis an leadrán agus tá sé ag iarraidh craic a bhaint as gach rud! Ach, leis sin, tá sé an cliste agus glic. Maidir leis a ról, seachas é a bheith ina ‘craic merchant’, déanann sé na bhfíseáin ceoil don mbanna.

An bhfuil tú cosúil le do charactar? Cad is maith leat / nach maith leat faoi Oisín?

Sin ceist dheacair! Tá mé saghas cosúil leis, is aoibhinn liom an craic agus a bheith magadh thart, ach níl fonn orm dul amach ag spraoithiomáint!  Is maith liom go bhfuil sé dóchasach ach ní mhaith liom an tslí a bhfuil sé saghas glic uaireanta.

Cad iad na bhuaicphointí i do ghairm bheatha go dtí seo?

Níl mo ghairm bheatha ach ag tosnú fós, ach cinnte, is é EIPIC an rúd is mó a rinne mé go dtí seo. Tá cúpla gearr-scannáin déanta agam, ach is é EIPIC an deis is mó atá agam go dtí seo.

Cad b’fhearr leat – a bheith ag obair ar seit teilifíse, nó ag glacadh páirt i dráma ar an stáitse?

Seit teilifíse gan dabht!

Cad iad na brionglóidí is mó atá agat mar aisteor?

Duirt mé liom féin: tá mé ag iarraidh a bheith i sraith teilifís agus tá mé ag iarraidh ról mhaith a glacadh i scannán.  Nuair atá na rudaí sin déanta agam, beidh mé sásta!

Cé hiad na ceoltóirí nó na bannaí ceoil a thaitníonn leat is mó? Cé atá tú ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Is aoibhinn liom na Lumineers! Ach is maith liom rap freisin!

 

Féach ar EIPIC gach Déardaoin ar TG4 @ 10pm, nó arlíne leis an seinnteoir TG4 anseo: www.tg4.ie/clair/eipic/baile