An Chraic

caitríona mccormack make up dont fake up irish blogger

60 Soicind Le… Caitríona McCormack

Is blagálaí í Caitríona McCormack, ar Make Up Don’t Fake Up. Is láithreoir raidió í freisin ar Raidió na Life, ar an gclár Treocht na Seachtaine.

Cathain a thosaigh tú do bhlag?

Thosaigh mé mo blag i mí Eanair 2014. Níor inis mé d’éinne faoi ar feadh cúpla mhí ach chonaic mo chara mé ag scríobh agus chuir sí an blag suas ar Facebook. (Go raibh maith agat Loinnir!)  Anois táim ag scríobh go seachtainiúil gach Ceadaoin faoi cursaí áilleacht, faisean agus nósanna maireachtála.

Cá bhfaigheann tú d’inspioráid do do chuid scríbhneoireachta?

Ceist deacair é sin. Don chuid is mó, na ceisteanna a bhíonn agamsa déanaim iarracht iad a freagairt. Cuireann daoine ceisteanna orm taighde a dhéanamh faoi ábhar faoi leith. Nuair ata mé ar Instagram nó Pinterest, feicim smideadh aláinn agus déanaim iarracht é a athchruthú nó fiú mo leagan féin a chuir ar. Tá leabhar notaí beag agam agus chuile uair a bhíonn smaoineamh agam, scríobhaim síos é.

Cé hiad na blagálaí agus na scríbhneoirí is fearr leat?

Cá tosóidh mé! Ó taobh blagálaí, is aoibheann liom na leitheád Helen Anderson, Essie Button, Becca Rose, Penneys & Polaroids, James Patrice (tá Snapchat iontach aige), agus ina theannta sin, Pippa O’Connor. Is í ceann de na blagálaí Éireannach is cailúla ach fós bíonn sí ag siopadóireacht i Penneys, rud a dtaitníonn liom. Sí Una Mullally ceann de na iriseoirí is fearr liom!

Cad iad na buaicphointí i do thaithí mar blagálaí go dtí seo?

Is é an buaicphointe is mó go dtí seo ná an Bronze Blog Award do ‘Best Beauty Blog’ i mbliana a bhaint amach. Ní raibh mé in ann créidúint go raibh mé ar an gearrliosta seachas an triú áit a bhaint amach. Oíche den scoth a bhí ann agus i ndiaidh na gradaim bhí neart céiliúradh déanta sa chathair.

Cad iad na brandaí smideadh nó faisean is fearr leat?

Na brandaí smideadh is fearr liom faoi latháir na huaire ná NYX agus Urban Decay. Ní féidir le Urban Decay aon rud mícheart a déanamh ar feadh cúpla bliain anuas. Tá NYX iontach mar branda; tá neart tairgí cliste acu ar nós an Wonder Stick agus tá siad reasúnta ó taobh praghas de. Ó taobh cursaí faisean, déanaim an chuid is mó de mo siopadóireacht ar líne. Is é Asos ceann de na siopaí ar líne is fearr atá ann agus tá mé an togha leis. Ar na mórsráideanna: River Island, New Look, agus nuair atá mé sa bhaile i mBaile Átha Cliath, Forever 21. Ar nós chuile cailín in Éireann, tá Penneys iontach – ní amháin do eadaí ach do rudaí don bhaile.

Inis dúinn faoi do chlár ar Raidió na Life – Treocht na Seachtaine.

Thosaigh Treocht na Seachtaine le mo chara Katie Jane deireadh mí Meán Fómhair. Bhí sí ar taithí oibre i Raidió na Life ag an am agus d’iarr sí orm mír a déanamh faoi treochtaí smideadh agus faisean. Is mír thart ar deich nóimeád é ar an Bricfeasta Blásta gach maidin Dé Luan. Nuair a chríochnaigh Katie Jane a taithí oibre, cheap mé go mbeidh mé críochnaithe chomh maith ach d’iarr siad orm leanacht ar aghaidh leis an mír agus anois bím á dhéanamh le Niamh Ní Shúilleabháin. Bíonn treochtaí difriúla a phlé againn gach tseachtain comh maith le margadh na seachtaine, aip na seachtaine agus an rud is fearr liomsa, an treocht aisteach.

An bhfuil aon chomhairle agat d’aon duine atá ag smaoineamh faoi bhlag a thosnú?

An comhairle is mó atá agam do aon duine ná, toiseacht. Smaoineoidh agus labhróidh tú ar, ar feadh tamaill maith ach ní tarlóidh aon rud múna suíonn tú síos agus scríobhann tú. Glac ballraíocht ar grupaí Facebook do blagálaí ar nós Irish Bloggers nó an ITWBN. Is grúpa déanta suas de blagálaí Éireannach atá sásta cabhrú le ceisteanna nó comhairle a thabhairt duit. Déan cinnte go bhfuil do suíomh sothuigthe, leagan fón póca agus táibléad ar fáil agus go bhfuil do pearsantact le fheiceáil. Tá mise ag obair ar mo suíomh faoi latháir agus tá mé ar bís an tairge deireanach a fheiceáil. An comhairle deireanach atá agam ná coinnigh leis. Uaireanta, mothaíonn tú nach bhfuil duine ar bith ag leámh do blag beag ach beifear lá amháin.

Léigh blag Caitríona anseo ag makeupdontfakeup.blogspot.ie. Éist léi ar Treocht na Seachtaine, gach Luan ar Raidió na Life, ar an gclár Bricfeasta Blasta ó 8 – 9 ar maidin. Lean Caitríona ar Twitter ag @meiscait.