An Chraic

10CeoltóirIndiependence

10 Ceoltóir le Feiceáil ag Indiependence 2016

Táimid gnóthach ag ullmhú le haghaidh an féile Indiependence faoi láthair anseo i Raidió Rí-Rá, agus mar sin chuireamar seinnliosta le chéile daoibh leis na deichniúr ceoltóirí is fearr le feiceáil ag an bhféile an deireadh seachtaine seo! Tá go leor, leor bannaí agus ceoltóirí den scoth ar an mbilla an bhliain seo – mar sin bhí sé iontach deacair deichniúr a roghnú! Inis dúinn cad a cheapann sibh faoi ár roghanna ar Twitter @RaidioRiRa.

The Blizzards

Tá sceitimíní an domhain orainn anseo i Raidió Rí-Rá go bhfuil Bressie agus na buachaillí as The Blizzards ar ais agus ag cruthú ceol nua faoi láthair! Is aoibhinn linn an singil nua uathu, darbh ainm Drop Down The Anchor.

Cathain?: Dé Satharn, an puball Big Top, 11.30 i.n.

 

The Strypes

Ní féidir a shéanadh go bhfuil The Strypes ceann de na bannaí raice óga is fearr atá againn in Éireann i láthair na huaire. Tháinig siad le chéile i 2010, agus fuair siad go leor clú agus cáil i 2012, nuair a d’éisigh siad a gcéad EP. Tá go leor daoine cáilúla i measc a lucht leanúna ollmhór, le Dave Grohl, Noel Gallagher, Roger Daltrey, Sir Elton John agus Miles Kane ina measc!

Cathain?: Dé hAoine, an príomh-ardán, 9i.n.

 

Walking On Cars

Tá Walking On Cars ag dul ó neart go neart faoi láthair, óna scaoil siad a singil Speeding Cars an Samhain seo caite. D’éisigh siad a gcéad albam i mí Eanair i mbliana, agus chuaigh sé direach chuig Uimhir a hAon ar na gcairteacha anseo in Éireann. Mothaímid go mbeidh a seit ag Indiependence an-speisialta ar fad!

Cathain?: Dé Satharn, an príomh-ardán, 9i.n.

 

Wyvern Lingo

Tá Wyvern Lingo ag éirigh go hiontach ar an saol cheoil óna éisigh siad a gcéad EP, Letter To Willow, níos luaithe an bhliain seo. Tógann siad inspioráid ó gceol R&B agus pop, agus meascann siad na seanraí le chéile chun a stíl ceol féin a chruthú – táimid ag tnúth go mór lena gcomhcheol na nguthanna álainn a cloisteáil ar an Domhnach!

Cathain?: Dé Domhnaigh, an puball Big Top, 8.30 i.n.

 

Picture This

Phléasc Picture This ar an saol ceoil Éireannach roimh deireadh an bhliain seo caite. Níl EP ar a laghad scaoilte acu, ach tá siad théis trí oícheanta a dhíoladh amach san Amharchlann Olympia anseo i mBaile Átha Cliath – seans go mbeidh a seit ag Indiependence do deis is fearr le hiad a fheiceáil!

Cathain?: Dé Domhnaigh, an príomh-ardán, 5 i.n.

 

Hudson Taylor

Is beirt deartháireacha iad Hudson Taylor, as Baile Átha Cliath. Thosaigh siad amach ag buscáil le chéile nuair a bhí siad óg, agus ó shin, scaoil siad a gcéad EP, Battles, i 2012, agus a gcéad albam, Singing For Strangers, i 2015. Chomh maith leis sin, rinne siad leagan Gaeilge dena hamhrán Weapons do Ceol 2016 le hEoghan McDermott!

Cathain?: Dé Satharn, an príomh-ardán, 7.50 i.n.

Elm

Is banna óg iad Elm as Bré agus Baile Átha Cliath – tá stíl suaimhneach álainn acu, agus oibríonn a stíl go hiontach leis an nguth álainn ag a t-amhránaí Dylan Walsh. Scaoil siad a gcéad EP i Mí na Mhárta 2015.

Cathain?: Dé Satharn, an puball Big Top, 6.30 i.n.

 

Bell X1

Tá Bell X1 ag seinm mar príomh-banna ag Indiependence i mbliana. Ní féidir a shéanadh go bhfuil siad céann de na bannaí is fearr a tháinig as an saol ceoil Éireannach le blianta – bhí sé deacair amhrán amháin uathu a roghnú don seinnliosta seo!

Cathain?: Dé hAoine, an príomh-ardán, 10.45 i.n.

Otherkin

Má taitníonn ceol grunge-raice bríomhar leat, beidh tú an-tógtha leis an mbanna seo, Otherkin. Is as Baile Átha Cliath iad, agus d’éisigh siad a EP nua, The New Vice, le déanaí. Táimid ag tnúth go mor le seit iontach fuinniúil ó na leaids seo ar an Domhnach!

Cathain?: Dé Domhnaigh, an puball Big Top, 9.45 i.n.

 

Barq

Tá Barq an-éagsúil ó roinnt bannaí ar an saol cheoil faoi láthair – glaíonn siad ‘agro-soul’ ar a stíl ceol féin, agus dúirt an t-amhránaí Jess linn le déanaí gur cheapann daoine go bhfuil a guth ar nós “dorn i d’aghaidh”! Beidh siad ag seinm ceol óna gcéad EP ar an Satharn – ná caill iad!

Cathain?: Dé Satharn, an ‘Beer Hall’, 8.30 i.n.

 

Tá Indiependence ar siúl ón 29ú – 31ú Iúil, ar an Deer Farm, Baile Mhistéala, Co. Corcaigh. Níos mó eolas: www.indiependencefestival.com