FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Inniu ar chlár Síne…

Schools

Tháinig Rang a 6 ó Scoil Áine i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22 isteach chugainn go dtí HQ Rí-Rá! Bhí siad go hálainn ar fad. Labhair Emma, Claire, Eimear agus Wajiha linn ar an aer agus chan rang iomlán Ms Lawless amhrán iontach dúinn, bunaithe ar fhuaim amhrán GreenDay!

Na Laethanta Saoire ab ainm don amhrán, bhíodar ar fheabhas agus is féidir libh éisteacht leis ar an nasc atá thíos!

 
icon for podpress  Scoil Áine [1:35m]: Play Now | Play in Popup | Download

Inné

Bhí Síne ag labhairt leis an mbeirt is gleoití riamh- dar léi, ó Ghaelscoil na BhFilí, i nGort Inse Guane, Co. na Gaillimhe. Brian agus Aoife is ainm dóibh ó Rang 3 agus Rang 2. Mórbhuíochas le múinteoir Fiona agus leis an scoil ar fad. Go n-éirí leo i RITH 2010

Ar chlár Mairéad, pléigh siad Seachtain na Coláistí/nGlobal i nGaillimh mar d’athraigh siad  ainm le déanaí. Labhair s faoi na hOscars a bhí ar siúl sa mhaidin- an glitz agus glam ar ndóigh! Agus mar is gnáth, sheinn siad a lán ceol iontach nua! Freisin, bhí comórtas chun ticéad chun dul go dtí an Dave Matthew’s Band!

Bhí gach rud foirfe!

Muchos grá- Úna

Cad a tharla an tseachtain seo caite?

Bhí an céad seachtain lán de craic ‘gus spaoi. Seo achoimre bheag (highlights) faoi céard a tharla:

Dé Luain

Ár gcéad lá, whoop whoop! Bhí RRR lán le craic! Bhí Mairéad ar Cheapaire Ceol! Bhíodar ag caint faoi Cheryl Cole agus Rugbaí. Dúirt Eimer go raibh sí ag iarraidh Tommy Bowe a fáil di féin agus dúirt Mairéad go mbeadh sí in ann; “Don’t stop Believing“! Ansin sheinn sí Journey; cáis!

Dé Máirt

Is léir go raibh gach duine ag baint taitneamh as an stáisiún! Bhíomar ar nós Joe Duffy nuair a bhfuaireamar téacs i rith an clár TRL, ó dhuine ag iarraidh eolais a fháil faoi áit maith chun dul thar lear! Ar chlár Shíne, chan na páistí ó Rang 3 i Ráth Fearnáin Educate Together, amhráin faoina scoil féin! Bhíodar go hiontach ar fad!

Dé Céadaoin

Bhíomar ag labhairt faoi tuisméanna (horoscopes) agus gach rud atá bainteach leo, oooh! Bhí scanradh orainn go dtarlóidh rud éigin ait! D’fhoghlaimid a lán nuair a chualamar faoi shaol an oileán Inis Oírr le Síne, Cillian agus Sarah.

Dé Deardaoin

Bhí ceol den scoth ar siúl againn (mar is gnáth!) Bhí daoine ó Ghaelscoil Uí Ríordáin i gCorcaigh ar an nguthán, bhíodar an-nádurtha ar an raidió! B’fhéidir go mbeadh siad ina láthreoirí sa todhchaí?? Buíochas mór dp Bhríd an leasphríomhoide as cabhrú linn gach rud a eagrú

Dé hAoine

Bhí Síne ar an liathróid arís, bhíomar ag labhairt le páistí i mBliain a Sé i gColáiste Plunkett i bhFionnbhrú! Rinne an múinteoir Gaeile Robert ‘plug’ ar a bhanna ceoil darbh ainm Verona Riots- sár ainm! Tháinig muid ar físean gleoite ar Youtube ar bhuachaill beag ag seinim an Ukelele (beidh an físean ar shuíomh Youtube Rí-Rá faoi ‘favourites‘)

Bhuaigh Trish as Uibh Fháilí dlúthdhiosca nua Ceol ‘10! Comhgairdeas di!

An Deireadh Seachtaine

Ceol, Spórt agus níos mó ceoil! Bhí deireadh seachtaine thar barr againn. Ar TRL bhuaigh beirt dlúthdhioscaí, agus bhí seans ag gach duine rud éigin a bhuachint!

Cén duine cáiliúil a tháinig isteach?

An bhfuil a fhios agaibh? Seo clú dhuit: Danny O’ Reilly ó na Coronas! Is féidir leat an físean a fheiceáil ar ár suíomh youtube, chomh maith le físeanna eile, nó breathnú thíos an leathanaigh seo.

Fear fíor-dheas (agus dathiúil) é  agus tá súil agam go n-éistfidh sibh ag éisteacht leis na Coronas anois agus má sibh cheana féin, fair play!

Danny from the Coronas was in to the RRR studio and we have video evidence and photographs to prove it! Go have a look on our youtube channel for Danny and more videos or just click on the video below.

Na déan dearmad teangmháil a dhéanamh linn trí téacs! Chuir RIRA ag tús do theachtaireacht téacs agus seol í chuig 51155 ag an gnáthráta téacs.

Inniu Dé Luain 1 Márta

sceideal lán againn inniu agus seo ár gcéad lá beo ar an aer! Nach bhfuil sceitimíní oraibh? Beidh daoine speisialta ag teacht isteach ag amanna éagsúla i rith na trí seachtaine.

Béimid ag labhairt le páistí ó scoil Beaumont sa mhaidin agus ó Scoil Mhuire i gCorcaigh sa trathóna. Ta seans ann b’fhéidir, go mbeidh ár bhfoirne ag do scoil go luath!

Freisin, tháinig duine cáiliúil chugainn i rith na deireadh seachtaine!

Fan linn agus bain taitneamh as éisteacht linn beo ar FM.

Na déan dearmad teangmháil a dhéanamh linn trí téacs! Chuir RIRA ag tús do theachtaireacht téacs agus seol í chuig 51155 ag an gnáthráta téacs.